13 Márta 2011

gáirsiúlacht ón chúigiú haois déag


Tá an nóta seo le feiceáil ar imill íochtarach leathanaigh 20r sa lámhscríbhinn Laud Misc. 610, a scríobhadh sa chéad leath den chúigiú haois déag, am éigin idir 1410 agus 1452.


bod seain hi ogain so

bod Sheáin Uí Ógáin seo



Measaim go raibh a lán fear darbh ainm Seán Ó hÓgáin ann. An é Seán é féin a dhear an pictiúr seo, nó duine éigin eile? Rinne sé tré deas Ceilteach de ar aon nós!

8 comments:

  1. Iontach spéisiúil, maith agat

    ReplyDelete
  2. Sí an cheist a bheadh agamsa ná cén fáth ar scríobh/dhear sé é - an raibh an nós sin coitianta sna lámhscríbhinní, a Dennis?

    ReplyDelete
  3. an raibh an nós sin coitianta sna lámhscríbhinní

    Ní raibh, cé go bhfuil cúpla bod eile le feiceáil ansiúd is anseo, ceangailte lena n-úinéirí. Tá ceann sách cáiliúil mar sin i Leabhar Cheannanais.

    Is féidir, sa chás seo, nach bod a bhí i gceist ag an scríobhaí a dhear an decoration seo ag bun an téacs, ach go bhfaca scríobhaí eile bod ann agus ba eisean a scríobh “bod seain hi ogain so”!

    ReplyDelete
  4. Greann na nGael beo bríomhar san am a caitheadh, agus san am i láthair, freisin, feictear dom...:-)

    ReplyDelete
  5. Cad is ciall leis an 'FRO' agus líne os a chionn?

    ReplyDelete
  6. "Cad is ciall leis an 'FRO' agus líne os a chionn?"

    Nach tusa an dochtúir sna bólaí seo?! :-)

    ReplyDelete
  7. @Liz - Nod a sheasann do “forru = orthu” atá ann, mura bhfuil dul amú orm:

    robsat urlumh íat iarsin do thobhart na digla forru =

    bhí siad ullamh ansin do thabhairt na díoghla orthu

    ReplyDelete