16 Márta 2011

beannachtaí an lae



“Rug mé ar leipreachán. Bhí sé blasta.”

4 comments:

  1. Barra na maidine dhuit uainn anseo ar an seana-fhód glas báite.

    Go n-éirí an bóthar chun tú a bhuaileadh.

    Is go gcuire an leipreachán sciodar buinní ar do chat.

    Go mbaine tú taitneamh as Lá le Páidí.

    ReplyDelete
  2. Más fíor do mo chuid foinsí, tá muidne níos báite ná sibhse anois díreach. La Niña, tá's agat.

    Tá sé ar intinn agam dinnéar a chaitheamh i mbialann Sheapánach ("Boom Noodle") anocht. Níl a fhios agam an mbeidh deoch speisialta acu sa bheár: rud éigin glas is scanrúil. Nó fanfaidh mé le mo dheoch iondúil, an shiso mojito atá sách glas ó na duilleoga shiso atá brúite ann.

    Rinne mé rud amháin leis an lá a cheiliúradh go hoifigiúil: chaith mé mo T-léine glas a bhfuil “Mom, Dad, I'm Gaelic!” scríofa air ag an spórtlann inniu.
    ;-)

    ReplyDelete
  3. @ 'chaith mé mo T-léine glas a bhfuil “Mom, Dad, I'm Gaelic!” scríofa air ag an spórtlann inniu.'

    Iontach!

    Mo chuimhne, an bhfuair tú an deoch ghlas?

    ReplyDelete
  4. Fuair mé an manglam iondúil, an shiso mojito, a bhfuil duilleoga shiso agus duilleoga miontais ina míreanna tríd. Glas go leor domsa.

    ReplyDelete