11 Márta 2011

scáthán is cíor


Scríobh mé blagmhír ar na Pictish Symbols of Scotland anseo i Meán Fómhair 2010 díreach tar éis don Ollamh Rob Lee ag Ollscoil Exeter a fhógairt go raibh cruthú matamaiticiúil aige gur script nó modh scríbhneoireachta a bhí sna siombailí Cruithneacha. (Níl chuile dhuine chomh cinnte sin.)

Pé scéal é, tugtar “scáthán agus cíor” ar cheann de na siombailí seo. Tá solaoid amháin di seo le feiceáil sa bhlagmhír a scríobh mé ag an am sin (nasc thuas), agus tá sampla maith eile le feiceáil ag bun an ghalláin seo, an Maiden Stone. Dála an scéil tugtar “péist Chruithneach” ar an tsiombail díreach os a cionn, agus notched rectangle and Z-rod ar an gceann os cionn na péiste.



Baineadh geit asam arú inné le linn dom cuairt a thabhairt ar an nGetty Villa i Malibu nuair a chonaic mé “Leac Uaighe Tatianos agus Tation”. De réir an mhínithe a léigh mé ansin, tá dhá chomhartha in aice le Tatianos, an fear: corrán bearrtha ar thaobh amháin agus tabhall (taibléad scríbhneoireachta) ar an taobh eile, le cur in iúl go raibh fíonghort aige agus go raibh léann air.

Tá a bhean, Tation, le feiceáil idir chíor (taobh lena ceann) agus scáthán. Is cosúil go ndeir an dá rud seo linn go raibh sí go hálainn.

Greanadh an leac uaighe seo sa Fhrigia (Phrygia) idir 150 agus 175 AD. Tá na galláin Chruithneacha a bhfuil na siombailí orthu níos déanaí. Creidtear gur greanadh iad sna céadta 500-800 AD. An cheist atá agam anois ná an bhfuil samplaí eile den “scáthán agus cíor” le feiceáil ar leaca nó ar aon rud eile sa Ghall (Gallia) nó sa Bhreatain Rómhánach?

3 comments:

  1. Feicim go raibh an Fhrigia in aice leis an nGaláit san Áise Bheag. An féidir go raibh teangmháil ag na Cruithnigh leis na Ceiltigh sa Bhreatain agus gur raibh modh tarchura éigin trasna na gcríoch Ceilteach ansin idir an dá áit ar úsáideadh na siombail iontu? Bhí go leor ama i gceist leis an aistear a dhéanamh.

    ReplyDelete
  2. Maith an cheist, Fergus. Ní staraí mé, gan trácht ar staraí ealaíne. Tugaim rudaí siombalacha mar seo faoi deara agus cuirim suim iontu, ach níl a fhios agam conas fáil amach an bhfuil samplaí eile ann agus cén áit. Is dócha go bhfuil an bhleachtaireacht seo níos deacra fós tóisc go bhfuil mé ag scríobh i nGaeilge. Ach chuir mé an “fhionnachtain” seo faoi bhráid Old-Irish-L, liosta ríomhphoist den seandéanamh a bhfuil cúpla céad léitheoirí aige, freisin.

    ReplyDelete
  3. An scathan: Ionann seo agus an siombal don 'bhaineann'?

    ReplyDelete