24 Márta 2011

ealaín na mallachta



Is cosúil gur ó na Giúdaigh, le cuidiú na Críostaíochta, a d'fhoghlaim na Gaeil ealaín na mallachta. Seo agaibh an cruthú, ó Shalm 109:

8 Gura tearc iad laethanta a shaoil;
agus go nglaca neach eile a chúram.

9 Go raibh a chlann ina ndílleachtaí gan athair;
agus go bhfágtar a bhean chéile ina baintreach.

10 Go raibh a chlann ina lucht fáin ag iarraidh déirce;
agus go bhfágtar iad gan teach gan treabhchas.

11 Go bhfaighe fear an ghaimbín a bhfuil aige;
agus go mille strainséirí toradh a shaothair.

12 Ná raibh neach ann chun gar a dhéanamh dó
ná chun trua a ghlacadh dá dhílleachtaí.

13 Go ndéantar a shliocht a mhilleadh,
agus a shloinne a scriosadh in aon ghlúin amháin.

Nach spalpadh breá mallachtaí é sin? Níl a fhios agam an raibh aon rud níos nimhní nó níos éifeachtaí mar mhallacht ag ár sinsir! Tá cnuasach beag dár gcuid seanmhallachtaí ar fáil anseo.

3 comments:

  1. Nuair a bhí mise ag fás aníos, ba í an mhallacht ba mheasa a chuala mé ná 'Mallacht Chromail Ort!'

    Is cuimhin liom an chéad uair a dúradh i mo chomhluadar é, bhí mé an-óg, agus moladh dom gan a leithéid a rá le haon duine riamh. Cé nár thuig mé an scéal taobh thiar den mhallacht ag an am, bhí a fhios agam nach rud maith a bhí ann!

    ReplyDelete
  2. Sin ceann deas láidir, cinnte!

    ReplyDelete