19 Márta 2011

túíteáil i nGaeilge



Tá ár gcara Kevin Scannell díreach tar éis togra nua a sheoladh, Indigenous Tweets. Baineann sé úsáid as clár darb ainm An Crúbadán (saghas web crawler), a scríobh Kevin é féin, le túíteanna a aimsiú atá scríofa i mionteangacha ar fud an domhain. Beidh daoine a bhfuil Kreyòl Ayisyen (Criól Háítíoch) acu, nó Anishinaabemowin (Ojibwe) nó Brezhoneg (Briotáinis), in ann daoine eile atá ag túíteáil sna teangacha sin a aimsiú gan dua anois, a bhuí leis an suíomh nua seo.

Seo iad na deich mionteanga is beoga ó thaobh túíteanna de:
  1. Kreyòl Ayisyen
  2. Euskara
  3. Cymraeg
  4. Frysk
  5. Setswana
  6. Hausa
  7. Gaeilge
  8. Gàidhlig
  9. Māori
  10. Gaelg
I measc úsáideoirí na Gaeilge, tá ár gcara Aonghus ar an dara túíteálaí is bisiúla dá bhfuil ann, agus tá Scott an-túíteach freisin!

8 comments:

  1. An-chabhrach le teacht ar Gael-tuíteoirí eile!

    ReplyDelete
  2. Cé nach túíteálaí mise, is éasca a thuiscint gur áis iontach é seo. Tá moladh tuillte ag Kevin as é a chumadh!

    ReplyDelete
  3. Níor thosaigh Aonghus bocht ag túiteál go dtí le déanaí ach baineann sé an sult as anois. B'fhéidir go mbainfidh tusa taitneamh as freisin!

    ReplyDelete
  4. Tá mé ar Facebook le níos lú ná mí anois agus níl a fhios agam fós an bhfuil feabhas ar mo bheatha dá bharr nó nach bhfuil.
    :-\

    ReplyDelete
  5. Táim as baile i láthair na huaire, agus níl fáil agam ar an idirlíon, ach anois is arís, rud nach miste liom.

    Is maith liom mo bhlagmhíreanna a roinnt ar FB agus Twitter, ach ní bhacaim leo taobh amuigh de sin, den chuid is mó, mar nach mbeadh am agam, i ndáiríre.

    Tuigim, mar sin féin, cén fáth a dtaitníonn FB agus Twitter le daoine, agus is maith ann an áis a thugann deis do dhaoine barúlacha a roinnt, i mo thuairim.

    Tá moladh nach beag tuillte ag Kevin, go deimhin, ach an oiread leat féin, a chara..:-)

    ReplyDelete
  6. An-mhaith ar fad. Coinneoidh mé súil ar an suíomh sin.

    ReplyDelete
  7. Is maith liom mo bhlagmhíreanna a roinnt ar FB agus Twitter

    An measann tú go bhfuil lucht léitheoireachta níos farsainge agat dá bharr sin?

    is maith ann an áis a thugann deis do dhaoine barúlacha a roinnt

    Ach... níl suim agam dáiríre ina lán de na cúiseanna atá á bplé acu. Níos measa fós, níl suim dá laghad agam sna tchtaí a deir go bhfuil X (a bhfuil mearaithne agam air) in éindí le Y agus Z (nach bhfuil barúil dá laghad cé hiad) i gclub Q *anois díreach*.

    Ach d'fhoghlaim mé rud nua inné: conas Hide all by X a dhéanamh!
    :-)

    ReplyDelete
  8. @ 'An measann tú go bhfuil lucht léitheoireachta níos farsainge agat dá bharr sin?'

    Cé nach bhfuil a fhios agam an léitheoirí nua iad, a Dennis, tagann daoine isteach ar mo bhlag ó Facebook agus Twitter, nuair a chuirim nasc chuig mo bhlag isteach ar na suímh sin, ach níl ardú suntasach ar líon na léitheoirí ó thosaigh mé ar an nós sin.

    @ 'Ach... níl suim agam dáiríre ina lán de na cúiseanna atá á bplé acu.'

    D'fhoghlaim mé cleas an 'hide by x' luath go maith mé féin, mar gheall nach suim liom gach rud a scríobhtar, ach an oiread.;-)

    Ní thuigim cén fáth a roinneann daoine gach rud a roinneann siad, a Dennis, ach táim den bharúil go bhfuil go leor 'hiding by X' á dhéanamh, muise!

    Mar aon le hearnáil na blagála, léim na cinn ar suim liom a dtuairimí - is dócha gur amhlaidh a déantar le mo rámhaillí féin...:-)

    ReplyDelete