26 Márta 2011

an fear is mó clú agus cáil




Lá amháin, chuir múinteoir naíscoile ceist ar a cuid daltaí.

“Cérbh é an fear ba mhó clú agus cáil dá raibh beo riamh? An bfhuil a fhios agaibh? Tabharfaidh mé $5 don leanbh a bhfuil an freagra ceart aige.”

Thóg Taidhgín a lámh. “Pádraig Naofa,” a dúirt sé.

“Tá brón orm, a Thaidhgín. Níl an ceart agat.”

Thóg Jaswinder a lámh. "Guru Nanak," a dúirt sí.

“Tá brón orm, a stór. Níl an ceart agatsa ach oiread.”

Thóg Joel a lámh faoi dheireadh. “Íosa Críost,” a dúirt sé.

“Tá an ceart agat, a Joel! Gabh i leith agus tabharfaidh mé $5 duit.”

Tar éis don mhúinteoir an t-airgead a thabhairt dó, dúirt sí leis, “Tá ionadh orm go ndúirt tú Íosa Críost, a Joel, agus tú i do Ghiúdach.”

“Bhí a fhios agam i mo chroí,” a dúirt Joel, “gurb é Maois an fear ab iomráití dá raibh ann riamh. Ach tugtar aire do chúrsaí gnó.”

5 comments:

  1. Dlúthchara liom ar feadh mo shaoil phroifisiúnta ab ea Mickey Gorman. Ceimiceoir den scoth ab ea é agus tá gach mac is iníon máthar a raibh leoicéime na n-óg aige agus atá beo fós faoi chomaoin ag Mickey agus an bheirt eile ag Eli Lilly a tháinig ar na halcalóidigh ó Vinca rosea, nó Catharanthus rosea más fearr leat an t-ainm nua. Pé ar bith é, bhíomar beirt ag siúl síos faoin gcathair in Indianapolis am lóin i ngar don Nollaig agus d’fhiafraigh mé de Mickey ar ghoill an rí-rá ‘pseudo-Chríostúil’ air.
    “Not at all,” ar sé, “since what’s being celebrated is another one of our lads making good.”

    ReplyDelete
  2. @ 'Ach tugtar aire do chúrsaí gnó.”

    Is cosúil go dtarlaíonn a leithéid sa tír seo, freisin, a Dennis, más fíor na tuairiscí!

    ReplyDelete
  3. @ Áine - Ach ... an bhfuil do dhuine greannmhar? Beagáinín greannmhar??

    ReplyDelete
  4. Bhuel, tá scéalta greannmhara le cloisteáil uaidh...;-)

    ReplyDelete