16 Márta 2011

éiric



Léigh mé ar an New York Times ar maidin gur saoradh Raymond Davis, conraitheoir de chuid an C.I.A., i bPakistan inné. Ghlac muintir an dá fhear a mharaigh Davis le híocaíocht ó oifigigh Mheiriceánacha agus cuireadh stad leis an ionchúiseamh.

Under Pakistani law, families can demand so-called blood money, or compensation, for slain relatives. Once an agreement is reached between the parties, the state prosecution is closed.

Chuir an méid seo ionadh orm toisc go raibh aithne mhaith agam ar an gcóras seo ó stair na hÉireann. “Éiric” an t-ainm ar a leithéid. Níor thaitin córas dlí na nGael (An Féineachas) leis na Sasanaigh riamh, agus chuir an éiric an-olc orthu go háirithe, agus chuir siad deireadh leis chomh luath agus a b'fhéidir, ar ndóigh.

Bhí meas ag na Gaeil ar an gcóras seo, áfach. Seo cur síos air ó An tSeirbhís Chúirteanna:

“Bhí an Féineachas an-fhorásach ar go leor bealaí. D'aithin sé colscaradh agus cearta ionanna d'fhir agus do mhná agus léirigh sé cúram don timpeallacht freisin. Sa dlí choiriúil, bhí ciontaí agus pionóis leagtha síos go mion. Cúiteamh seachas pionós a bhí leagtha síos i gcomhair éagóra. Cuireadh pionós i gcásanna dúnmharuithe nó gortú chorpartha ag úsáid an fhíneáil éirice, an méid beacht á oibriú amach de réir scála. Ní raibh pionós an bháis i measc na bpionós a bhí ar fáil do na Breithiúna. Os rud é nach raibh córas cúirte ná fórsa póilíní ann is cosúil go raibh an-mheas ag na daoine ar an dlí.”

2 comments:

  1. Ní raibh an dara nasc ar eolas agam, an-suimiúil. GRMA agat, Dennis.

    Ba é an tuiscint a bhí agamsa faoi chóras éirice na seanaimsire ná go mbeadh fine ag féachaint chuige nach mbrisfeadh ball dá cuid an dlí mar go mbeadh ar an gcine íoc as. Saghas spreagtha don fhine a bhí sa chóras éirice chun bac nó smacht sóisialta a chur i bhfeidhm ar a baill.

    Maidir leis an gcás thuas, ní dhéanfaidh sé aon dochar do chreidiúnacht an Iarthair mar ní féidir rud a mhilleadh nach ann dó sa chéad dul síos.

    ReplyDelete
  2. Is dóigh liom go bhfuil an ceart agat... faoi dhó!

    ReplyDelete