29 Meitheamh 2012

Seiricis ag an Triúr Manach!!!


Sequoyah, an fear a chum córas scríofa na Seiricise

Tá áthas an domhain ar na Manaigh inniu! Fuair siad rud a bhí uathu le tamall fada, aistriúchán Seiricise dá scéilín, a bhuí le Durbin Feeling, cainteoir dúchais agus teangeolaí.

Ní aibítir é an rud a chum Sequoyah, ach syllabary (focal nach bhfuil agam i nGaeilge). Seasann gach siombail do shiolla iomlán.  Mar shampla, is ionann ᎠᏂᏦᎢ, an chéad fhocal thíos, agus “anitsoi”, focal a bhfuil ceithre shiolla ann.

ᎠᏂᏦᎢ ᎠᏂᎼᏂᎩ ᎤᏅᏕᏤ ᎡᎶᎯ
ᎢᎾᎨ ᏗᎨᏒ ᏭᏂᎶᏎ ᎨᎫᏢᏁᏗ ᎤᏂᏍᎦᏅᏨᎢ ᎤᏁᎳᏅᎯ ᏧᏬᎸ ᎢᎬᏱᏗᎸ
Ꮭ ᏱᏚᎾᏟᏃᎮᎴ ᏑᏕᏘᏴᏓ ᎢᎪᎯᏓ
ᏩᎵᏍᏆᏗᏍᎬᏃ ᎤᏕᏘᏴᏌᏗᏒ, ᏌᏊ [ᎼᏂᎩ] ᎤᏁᏤ ᎠᎴ ᎯᎠ ᏄᏪᏎ, “ᎣᏍᏓ ᏂᏓᏛᏁᎭ.”
ᏃᏊᎴ ᏑᏕᏘᏴᏓ ᎢᎤᎶᏎ ᎤᏠᏱᏊ
“ᎤᏙᎯᏳᏛ [ᎣᏍᏓ ᏂᏓᏛᏁᎭ],” ᎤᏛᏁ Ꮎ Ꮠ ᎠᏍᎦᏯ
ᎠᎴ ᏏᏊ ᏑᏕᏘᏴᏓ ᎢᎤᎶᏎᎢ
“ᏥᏁᎢᏍᏗᎭ ᎬᏗ ᎦᏚ ᎠᏆᎿᏬᏍᏗ,” ᎤᏛᏁ ᎾᏍᎩ ᏦᎢᏁ ᎠᏍᎦᏯ, “ᎢᏳᏃ ᎡᏝᏪ ᏂᎨᏒᎾ ᎢᎨᏎᏍᏗ ᏍᏗᏔᎵ ᏙᏓᏍᏛᏯᎧᎯᏱ ᎠᎭᏂ ᎢᎾᎨᎢ.”

ᎠᏂᏦᎢ - triúr
ᎠᏂᎼᏂᎩ - manach
ᎤᏅᏕᏤ - thréig siad
ᎡᎶᎯ - saol
ᎢᎾᎨ - san fhásach
ᏭᏂᎶᏎ - chuaigh siad
ᎨᎫᏢᏁᏗ - rinne aithrí
ᎤᏂᏍᎦᏅᏨᎢ - a gcuid peacaí
ᎤᏁᎳᏅᎯ - Dia
ᏧᏬᎸ - mar a bhfuil sé ina shuí
ᎢᎬᏱᏗᎸ - roimh
Ꮭ - ní
ᏱᏚᎾᏟᏃᎮᎴ - labhair siad le chéile
ᏑᏕᏘᏴᏓ - bliain amháin
ᎢᎪᎯᏓ - fad ama
ᏩᎵᏍᏆᏗᏍᎬᏃ - ag a dheireadh
ᎤᏕᏘᏴᏌᏗᏒ - mar a chuaigh an bhliain thart
ᏌᏊ - aon
[ᎼᏂᎩ] – manach
ᎤᏁᏤ - labhair sé amach
ᎯᎠ - seo
ᏄᏪᏎ - dúirt
ᎣᏍᏓ - go maith
ᏂᏓᏛᏁᎭ - tá muid ag déanamh
ᏃᏊᎴ - agus arís
ᎢᎤᎶᏎ - tharla sé
ᎤᏠᏱᏊ - mar an gcéanna
ᎤᏙᎯᏳᏛ - go fírinneach
ᎤᏛᏁ - arsa
Ꮎ - an
Ꮠ - eile
ᎠᏍᎦᏯ - fear
ᎠᎴ - agus
ᏏᏊ - arís
ᎢᎤᎶᏎᎢ - tharla sé
ᏥᏁᎢᏍᏗᎭ - mionnaím
ᎬᏗ - le
ᎦᏚ ᎠᏆᎿᏬᏍᏗ - brat
ᎾᏍᎩ - an
ᏦᎢᏁ - tríú
ᎢᏳᏃ - má
ᎡᏝᏪ - ciúin
ᏂᎨᏒᎾ - níl
ᎢᎨᏎᏍᏗ - más mar sin a bheas
ᏍᏗᏔᎵ - an bheirt agaibh
ᏓᏍᏛᏯᎧᎯᏱ - fágfaidh mé sibh
ᎠᎭᏂ - anseo
ᎢᎾᎨ - san fhásach

Durbin Feeling, an fear a d’aistrigh an scéilín

Rogues Gallery #2


Cliceáil le lán do shúl a bhaint as!

An féidir leatsa é seo a thuiscint? Seo gluais:


Tar = come
Ar = on
Éirinn = Ireland


Come on, Ireland!  An é sin é? Google Translate abú?

28 Meitheamh 2012

droch-Ghaeilge ar fhógraí


Gaeilge dhothuigthe agus Béarla lochtach:


AAAarrrghhhhHHH!!!

Mura bhfuil sé ann cheana féin, tá rogues gallery na droch-Ghaeilge ag teastáil uainn ar an idirlíon: áit le grianghrafanna de fhógraí mar seo a thaispeáint le chéile.

27 Meitheamh 2012

Cá bhfuil an teas?


Athrú ar an teocht sa gheimhreadh 
(Samhain - Aibreán)
ó 1980 go 2012
(cliceáil)

Murab ionann agus an mhórchuid den talamh, níor athraigh an teocht gheimhriúil ó 1980 i leith i gCalifornia agus sa Phacific Northwest. Bíonn an geimhreadh anseo i Stát Washington chomh fuar fliuch agus a bhí sé riamh. Ach deirtear linn nach bhfuil againn ach cairde, go dtosóidh an téamh anseo freisin tar éis tamaillín. 

An fhadhb is mó atá romhainn ná laghdú ar an sneachta sna sléibhte.  Faigheann muid - ó Los Angeles go Vancouver - a lán den uisce a úsáideann muid sa samhradh ó leá an tsneachta san earrach agus i dtús an tsamhraidh. Tá taiscumair againn, ar ndóigh, a lán acu. Ach ní bheadh siad sách mór gan an sneachta a bheith ann mar thaiscumar eile.

Fuair mé an léarscáil thuas ón Goddard Institute for Space Studies.

24 Meitheamh 2012

beachtaíocht



The Long Earth, an t-úrscéal is nua le Terry Pratchett, scríofa in éindí le Stephen Baxter, á léamh agam faoi láthair. Tá beagán níos mó science fiction ná fantaisíocht ann ná mar is iondúil le Pratchett, a bhuí le Baxter is cosúil. Beirt Shasanach atá iontu. And there's the rub, ó tá an t-úrscéal suite i Meiriceá. Chuir siad focail i mbéal duine de na carachtair, cailín óg, nach ndéarfadh páiste Meiriceánach. Dhá shampla daoibh:


... lemonade, homemade stuff with pips in that was the most delicious drink I ever had.


In the event the adults picked a world at random...


An bhfeiceann sibh na fadhbanna?

23 Meitheamh 2012

Doe's Eat Place


An Bhialann Is Aistí Inar Ith Mé Riamh


Ainm: Doe's Eat Place
Áit: Greenville, Mississippi
Bunaithe: 1941
An Biachlár: gan bhiachlár scríofa, ach steaks le sceallóga is sailéad; gulf shrimp; tamales; beoir
Praghasanna: $$$
An Chliantacht: gustalach
Gnás Feistis: mar a fheiceann tú thuas



Tá an chistin i gceartlár na háite agus déarfainn go bhfuil cuid mhaith de na feistis chomh sean leis an áit. Maidir leis an áit, tá an rud ar fad, ballaí agus urlár, ar claon.



Seo é an doras cúil, a bhí in aice lenár mbord.  Scian sáite i bhfráma an dorais len é a choinneáil dúnta!


Bhí an bia an-mhaith, ach is féidir bia chomh maith céanna a fháil in áiteanna eile atá i bhfad níos compordaí agus níos glaine. Céard atá ar siúl anseo? Níl mé iomlán cinnte, ach tá ar a laghad dhá rud ag obair le chéile anseo: traidisiún agus aistíl, dhá rud atá fréamhaithe go domhain i gcultúr an Deiscirt.

21 Meitheamh 2012

beagán salachair = sláinte


ealaín le Ralph Steadman

Tá Seán tar éis ár n-aird a dhíriú ar alt ar an New York Times ar “baol na ró-ghlaine”.  Chuir sé sin an sliocht seo as An Béal Bocht i gcuimhne dom láithreach:


Thug sí lán bhuicéad labáin, dríbe, lúiche agus tuitimíní-circe isteach arís ó fhód an bhealaigh mhóir agus leathaigh go sásta é ar chlár an teallaigh romham. Nuair a bhí gach ní socair aici, bhogas anonn le h-ais na teineadh agus go cionn cúig uaire bhíos im thachrán ag imeacht fá’n ghríosaigh - im ghlas-stócach ag éirí aníos ar an tsean-nós Gaelach.

burn, kill, run


Ní ceannlíne ó thablóideach éigin é seo, ach focail a fhaightear i logainmneacha i réigiúin éagsúla i Meiriceá in áit creek, an focal is coitianta abhus anseo ar shruthán nó abhainn bheag.


Cé go bhfuil léarscáil na hAlba breac le burns, is focal neamhghnách é i Meiriceá. Chonaic mé an ceann seo sa Mississippi Delta cúpla lá ó shin. Tá áit eile ar a dtugtar Glen Allan sa chontae céanna (Sharkey County), cé go bhfuil an Delta chomh cothrom le clár agus níl gleann ar bith ann. Ainmneacha iad seo a bhaist daoine a raibh cuimhne acu ar na seanfhóid ar na plantations a bhunaigh siad. Panther an focal atá acu sna bólaí seo ar an Puma concolor (mountain lion domsa, cougar in áiteanna eile).

Oifig an Phoist, Panther Burn

Is i Stát New York  is mó a fhaightear an focal kill ar shruthán: Fresh Kills, Fishkill, etc. Ón bhfocal Ollainnis kil a tháinig sé. Tugtar run ar shrutháin in Virginia, Pennsylvania, srl.: Bear Run, Bull Run agus mar sin de.

20 Meitheamh 2012

teanga Chaucer arís



Tá leagan álainn de scéilín na Manach againn i Meán-Bhéarla anois, a bhuí le Brian Boll:


Thre monke diden the world forsake.
Thei goon in a wyldernesse in penaunce of her synnes byforn god.
Ful a yeer weren thei with outen speeche.
Ones that a twelmonthe was agon oon of hem spak unto his felawe:
“Wel is us,” quod he.
So kepte hemselve for a nothere yeer:
“Ful wel in dede,” quod the nexte man.
Thei weren thennes yet a nothere yeer in that place.
“I swere by myn abyt,” quod the thridde man, “if ye ne wolle yeven me noght quyete, I yow yive the hool wyldernesse.”



Níl saineolas agam ar an Meán-Bhéarla, ach léigh mé cuid de na Canterbury Tales sa bhunteanga. Thabharfainn an leabhar gurb é Chaucer é féin a bhreac síos an leagan thuas. Go raibh míle maith agat, a Bhriain!

Cú Choigríche ?



Felix Gilman ag léamh óna úrscéal The Half-Made World  

Chríochnaigh mé an leabhar seo ar m' iPad aréir agus mé ag eitilt abhaile ó Mississippi. Bhain mé an-sult as. Úrscéal fantaisíochta, saghas steam punk diostóipeach, atá ann. Tá sé thar a bheith cliste agus dea-scríofa. Níl aon rud Éireannach ná “Ceilteach” ann. Baineadh geit asam mar sin nuair a léigh mé ainm an charachtair seo:

“Liv recognized her: Ku Koyrik, hound of the border.”  


“An féidir é?” a dúirt mé liom féin. Cé nach raibh sé an-choitianta riamh mar ainm, bhí Cú Choigcríche (nó Cúcoigriche, etc.) ar dhuine de na Ceithre Máistrí, Cúcoigchriche Ó Cléirigh.  An chiall atá leis an ainm seo, ar ndóigh, ná “hound of the border”.


Síniú Chúcoigchriche Ó Cléirigh
(an ceathrú ceann)

13 Meitheamh 2012

Comhionann a cruthaíodh daoine?


Thomas Jefferson vs. Muireadhach Albanach Ó Dálaigh

Cliceáil le léamh.


“Ní comhfhad bhíos barr na mér,
ní bhí uile cách coimhthrén,
clár nocha bí gan bhranán,
ní bhí ál gan uachtarán.”



Nod leat: 


bhíos = a bhíonn
ní bhí = ní bhíonn
nocha bí = ní bhíonn
clár = clár fichille
branán = a principal piece in ancient board-game set (FGB)


Nó féach anseo.

12 Meitheamh 2012

croí an bhaincéara


Transcendence le Masayuki Nagare

Ba le Bank of America le fada an plás ina bhfuil an dealbh seo suite in San Francisco.  Transcendence an teideal oifigiúil atá uirthi, ach tugann chuile dhuine Banker's Heart uirthi.  Fuar, dubh agus crua. An raibh dea-theist ar bhaincéir riamh ó thús an domhain? Is cosúil, de réir na hanailíse a léigh mé ar an New York Times anocht, gurb iad na baincéirí (arís) a bheas thuas leis an tarrtháil nua a fuair an Spáinn, agus ní pobal ná rialtas na tíre. 

íospartaigh faisin


Cliceáil le lán do shúl a bhaint as a gcuid breáthachtaí.

Ní thuigim cén fáth, ach cuireann tuiscint aeistéitiúil Phrionsaí na hEaglaise alltacht orm go fóill. Bheadh Lady Gaga in ann rud nó dhó a fhoghlaim uathu, gan trácht ar bhrídeacha agus drag queens ar fud an domhain.

Cruthaigh nach róbat thú.


Cliceáil le méadú.

Feictear dom go bhfuil an cruthú atá ag teastáil uathu tar éis éirí i bhfad níos deacra ná mar a bhíodh. Ní féidir liom rud ar bith, uimhir nó focal, a aithint ar an taobh deas, agus níl GIImest ar an taobh eile chomh héasca sin ach oiread, mas é sin atá ann.  Caithfidh go bhfuil na róbait ag éirí níos éirimiúla in aghaidh an lae. Nó tá Blogger ag éirí níos paranóidí. An bhfuil míniú eile ag éinne?

09 Meitheamh 2012

an gairdín gluaiseachtach arís


cliceáil led thoil

Tá an truck garden faoi bhláth. Ní dhearna mé é an bhliain seo caite é, ach seo arís é, ina cheathrú hionchollú. Mar a dúirt mé cheana, i mblagmhír a scríobh mé arú anuraidh, taithníonn an bhláthcheapach seo go mór leis na comharsanna. Agus leis na bumbóga freisin! Ach le fírinne níl sé chomh gluaiseachtach sin dáiríre. Tá na plandaí ró-ard anois leis an ngaoth a sheasamh agus an truiclín faoi shiúl.

05 Meitheamh 2012

teanga Chaucer



An bhfuil éinne amuigh ansin, tú féin nó cara leat nó cara le cara leat, a bhfuil teanga an duine seo ar a thoil aige? Tá scéilín na Manach againn ina lán teangacha, Béarla agus Sean-Bhéarla san áireamh. Ach thug mé faoi deara nach bhfuil leagan de i Meán-Bhéarla. Is bearna ollmhór, bearna dho-fhulaingthe é sin!

Tríar manach do·rat díultad dont ṡaegul.
Þrīe munucas forlēton þā worulde.
(bearna)
Three holy men forsook the world.

04 Meitheamh 2012

matamataic agus mionteangacha




Cad é seo in ainm Dé?  Mallacht nó pisreog nó bagairt éigin ón gCat Mara? Séard atá ann, dar leis an matamataiceoir Anne Kandler, ná samhail a mhíníonn go beacht céard atá ag teastáil leis an nGàidhlig a choinneáil beo. Agus céard é sin? Ní hansa: 860 Béarlóirí ag foghlaim na teanga gach bliain.  Tá Bòrd na Gàidhlig sásta leis sin, de réir dealraimh. Deir siad gur féidir leo an sprioc sin a bhualadh.  Tá an scéal ar fad le léamh anseo.

03 Meitheamh 2012

Budawanny



Ní “boid an mhanaigh” atá againn anseo, ach seisear bod atá ina manaigh Bhúdaíocha.  Níl a fhios agam an bhfuil scéal nó scéilín ag na Seapánaigh faoi na dickheads seo, ach tá mé i ndóchas go bhfuil a leithéid ann. Dála an scéil, nach aisteach an focal eile atá againn ar chábóg, mar atá “bodach”? Ní chiallaíonn sé ach “seanduine” i nGaeilge na hAlban, ach tá tsanasaíocht chéanna taobh thiar de.



Tá mé tar éis géilleadh do shruth an domhain.  Tá cuntas Twitter agam anois:

@KingDonncha1