ealaín le Ralph Steadman
Tá Seán tar éis ár n-aird a dhíriú ar alt ar an New York Times ar “baol na ró-ghlaine”. Chuir sé sin an sliocht seo as An Béal Bocht i gcuimhne dom láithreach:
Thug sí lán bhuicéad labáin, dríbe, lúiche agus tuitimíní-circe isteach arís ó fhód an bhealaigh mhóir agus leathaigh go sásta é ar chlár an teallaigh romham. Nuair a bhí gach ní socair aici, bhogas anonn le h-ais na teineadh agus go cionn cúig uaire bhíos im thachrán ag imeacht fá’n ghríosaigh - im ghlas-stócach ag éirí aníos ar an tsean-nós Gaelach.
Is cuimhin liom am sliocht úd freisin. An seanduine Liath a chuir uirthi é a dhéanamh díreach théis dí an áit a sciúradh.
ReplyDeleteNa saineolaithe arís! (Sílim áfach go bhfuil fírinne ann, níltear ag tabhairt deis ceart don córas imdhíonach forbairt i leanaí)
Bhal, nach é sin an fhirinne ghlan, muis?
ReplyDeleteAgus is maith liom aoir Shéamais Uí Ghrianna fosta.
Fearn
"Ná déan nós agus ná bris nós" ar ndóigh!
ReplyDeleteSan am tar éis athaontas na Gearmáine fuarthas amach nach raibh an oiread céanna ailléirgí ar pháistí in oirthear na Gearmáine agus a bhí san iarthar. Ar an ábhar nach raibh na háiseanna folcadáin céanna san oirthear, dar leis na saineolaithe.
ReplyDeletefuarthas amach nach raibh an oiread céanna ailléirgí ar pháistí in oirthear na Gearmáine agus a bhí san iarthar
ReplyDeleteQED! Is breá liom é sin mar shampla!
Fuair mé amach go gcuireadh cait isteach ar an iníon is sine atá agam, Jen. Mar sin, cheannaigh mé ceann acu di. Thug muid Alex air. Mí is a leith ina dhiaidh sin, ní raibh ailléirgí ar bith uirthi. Bhí sí 5 bhliana d'aois ag an am.
ReplyDeleteAr ndóigh, bhí sí rud beag míchompardach ag an tús...ach bhí sé an-éifeachtach.