24 Meitheamh 2012

beachtaíocht



The Long Earth, an t-úrscéal is nua le Terry Pratchett, scríofa in éindí le Stephen Baxter, á léamh agam faoi láthair. Tá beagán níos mó science fiction ná fantaisíocht ann ná mar is iondúil le Pratchett, a bhuí le Baxter is cosúil. Beirt Shasanach atá iontu. And there's the rub, ó tá an t-úrscéal suite i Meiriceá. Chuir siad focail i mbéal duine de na carachtair, cailín óg, nach ndéarfadh páiste Meiriceánach. Dhá shampla daoibh:


... lemonade, homemade stuff with pips in that was the most delicious drink I ever had.


In the event the adults picked a world at random...


An bhfeiceann sibh na fadhbanna?

7 comments:

  1. Ní bheadh sé féaráilte domsa freagra a thabhairt ar an gceist, mar gur Méiriceánach mé.

    Ach is fiú é sin LOL nó dhó.

    ReplyDelete
  2. Admhaím nach bhfeicim.
    Shamhlófá gur jab sin don eagarthóir seachas do na húdair. (Táim féin ag fanacht, mar is nós liom, ar an leagan clúdach bog. rLeagan agatsa, an ea?)

    ReplyDelete
  3. Tá an scéal suite san am atá le teacht, thabharfadh sé sin cead a gcinn áirithe do na húdair.

    ReplyDelete
  4. rLeagan agatsa, an ea?

    Sea.

    suite san am atá le teacht

    Cúpla bliain, sin an méid.

    ReplyDelete
  5. Na fadhbanna: "pip" in áit "seed", agus "in the event" in áit "it turned out that". Seo an-sampla de Mheiriceánach eile ag caint mar Bhrit:

    “A bit of sparring every now and again tones you up. Back home some of us lads would spar just to keep our hand in, you know. Even having a workout with a punch-bag seems to pull you back together.”

    ReplyDelete
  6. Bhí "pip" faoi amhras agam, ceart go leor, ach ní bheinn ró-chinnte faoi "in the event".

    An bhfuil tú lán-chinnte de?

    ReplyDelete
  7. Tá. Ní deir muid (.i. an mhórchuid againn) é sin abhus anseo. Má deirtear “in the event” anseo, tagann “that” nó “of” ar a lorg i gcónaí. Séard atá lé cloisteáil sna heitleáin, mar shampla, ná “In the event of a water landing...”

    ReplyDelete