29 Meitheamh 2012

Seiricis ag an Triúr Manach!!!


Sequoyah, an fear a chum córas scríofa na Seiricise

Tá áthas an domhain ar na Manaigh inniu! Fuair siad rud a bhí uathu le tamall fada, aistriúchán Seiricise dá scéilín, a bhuí le Durbin Feeling, cainteoir dúchais agus teangeolaí.

Ní aibítir é an rud a chum Sequoyah, ach syllabary (focal nach bhfuil agam i nGaeilge). Seasann gach siombail do shiolla iomlán.  Mar shampla, is ionann ᎠᏂᏦᎢ, an chéad fhocal thíos, agus “anitsoi”, focal a bhfuil ceithre shiolla ann.

ᎠᏂᏦᎢ ᎠᏂᎼᏂᎩ ᎤᏅᏕᏤ ᎡᎶᎯ
ᎢᎾᎨ ᏗᎨᏒ ᏭᏂᎶᏎ ᎨᎫᏢᏁᏗ ᎤᏂᏍᎦᏅᏨᎢ ᎤᏁᎳᏅᎯ ᏧᏬᎸ ᎢᎬᏱᏗᎸ
Ꮭ ᏱᏚᎾᏟᏃᎮᎴ ᏑᏕᏘᏴᏓ ᎢᎪᎯᏓ
ᏩᎵᏍᏆᏗᏍᎬᏃ ᎤᏕᏘᏴᏌᏗᏒ, ᏌᏊ [ᎼᏂᎩ] ᎤᏁᏤ ᎠᎴ ᎯᎠ ᏄᏪᏎ, “ᎣᏍᏓ ᏂᏓᏛᏁᎭ.”
ᏃᏊᎴ ᏑᏕᏘᏴᏓ ᎢᎤᎶᏎ ᎤᏠᏱᏊ
“ᎤᏙᎯᏳᏛ [ᎣᏍᏓ ᏂᏓᏛᏁᎭ],” ᎤᏛᏁ Ꮎ Ꮠ ᎠᏍᎦᏯ
ᎠᎴ ᏏᏊ ᏑᏕᏘᏴᏓ ᎢᎤᎶᏎᎢ
“ᏥᏁᎢᏍᏗᎭ ᎬᏗ ᎦᏚ ᎠᏆᎿᏬᏍᏗ,” ᎤᏛᏁ ᎾᏍᎩ ᏦᎢᏁ ᎠᏍᎦᏯ, “ᎢᏳᏃ ᎡᏝᏪ ᏂᎨᏒᎾ ᎢᎨᏎᏍᏗ ᏍᏗᏔᎵ ᏙᏓᏍᏛᏯᎧᎯᏱ ᎠᎭᏂ ᎢᎾᎨᎢ.”

ᎠᏂᏦᎢ - triúr
ᎠᏂᎼᏂᎩ - manach
ᎤᏅᏕᏤ - thréig siad
ᎡᎶᎯ - saol
ᎢᎾᎨ - san fhásach
ᏭᏂᎶᏎ - chuaigh siad
ᎨᎫᏢᏁᏗ - rinne aithrí
ᎤᏂᏍᎦᏅᏨᎢ - a gcuid peacaí
ᎤᏁᎳᏅᎯ - Dia
ᏧᏬᎸ - mar a bhfuil sé ina shuí
ᎢᎬᏱᏗᎸ - roimh
Ꮭ - ní
ᏱᏚᎾᏟᏃᎮᎴ - labhair siad le chéile
ᏑᏕᏘᏴᏓ - bliain amháin
ᎢᎪᎯᏓ - fad ama
ᏩᎵᏍᏆᏗᏍᎬᏃ - ag a dheireadh
ᎤᏕᏘᏴᏌᏗᏒ - mar a chuaigh an bhliain thart
ᏌᏊ - aon
[ᎼᏂᎩ] – manach
ᎤᏁᏤ - labhair sé amach
ᎯᎠ - seo
ᏄᏪᏎ - dúirt
ᎣᏍᏓ - go maith
ᏂᏓᏛᏁᎭ - tá muid ag déanamh
ᏃᏊᎴ - agus arís
ᎢᎤᎶᏎ - tharla sé
ᎤᏠᏱᏊ - mar an gcéanna
ᎤᏙᎯᏳᏛ - go fírinneach
ᎤᏛᏁ - arsa
Ꮎ - an
Ꮠ - eile
ᎠᏍᎦᏯ - fear
ᎠᎴ - agus
ᏏᏊ - arís
ᎢᎤᎶᏎᎢ - tharla sé
ᏥᏁᎢᏍᏗᎭ - mionnaím
ᎬᏗ - le
ᎦᏚ ᎠᏆᎿᏬᏍᏗ - brat
ᎾᏍᎩ - an
ᏦᎢᏁ - tríú
ᎢᏳᏃ - má
ᎡᏝᏪ - ciúin
ᏂᎨᏒᎾ - níl
ᎢᎨᏎᏍᏗ - más mar sin a bheas
ᏍᏗᏔᎵ - an bheirt agaibh
ᏓᏍᏛᏯᎧᎯᏱ - fágfaidh mé sibh
ᎠᎭᏂ - anseo
ᎢᎾᎨ - san fhásach

Durbin Feeling, an fear a d’aistrigh an scéilín

2 comments:

  1. “Siollascríobh” a mhol Aonghus ar “syllabary”, ar mhúnla “Silbenschrift” na Gearmáinise.

    ReplyDelete
  2. Is cosúil go bhfuil dhá théarma faoi bhráid an Choiste Téarmaíochta anois, “siollóir” agus “siollabra”.

    ReplyDelete