Cliceáil le lán do shúl a bhaint as a gcuid breáthachtaí.
Ní thuigim cén fáth, ach cuireann tuiscint aeistéitiúil Phrionsaí na hEaglaise alltacht orm go fóill. Bheadh Lady Gaga in ann rud nó dhó a fhoghlaim uathu, gan trácht ar bhrídeacha agus drag queens ar fud an domhain.
San áit a mbíonn monarcacht nó eaglais, nó fiú aon dream daoine ag ceiliúradh a mbith, bíonn gléasadh agus gaisce i rith a bhféilte.
ReplyDeleteIs cosúil nach gcuireann sé isteach ná amach ar a lucht leanúna, a Dennis, mar glactar leis mar chuid den cheilúradh, is dócha. An dtéann siad thar fóir? Ní lia duine ná tuairim..:-)
Ach dúinne nach bhfuil inár lucht leanúna, tá míréir chognaíoch nach beag idir fhocail Íosa (sna Biáide, mar shampla) agus an mustar is mórdháil seo.
ReplyDeleteSan áit a mbíonn monarcacht nó eaglais
ReplyDeleteTá an dá rud fite fuaite ina chéile sa Chríostaíocht:
Prionsa na Síochána, Rí na Rí, an Tiarna Dia, srl.
Chuir an téarmaíocht seo as dom riamh.
Tuigim do chás, a Dennis, ach leanann daoine iad de thoil dheona agus cé nach duine den lucht leanúna mé féin, glacaim leis sin - ach tá trua nach beag agam do na daoine nach dtugtar 'rogha' dóibh.
ReplyDelete