12 Meitheamh 2012

íospartaigh faisin


Cliceáil le lán do shúl a bhaint as a gcuid breáthachtaí.

Ní thuigim cén fáth, ach cuireann tuiscint aeistéitiúil Phrionsaí na hEaglaise alltacht orm go fóill. Bheadh Lady Gaga in ann rud nó dhó a fhoghlaim uathu, gan trácht ar bhrídeacha agus drag queens ar fud an domhain.

4 comments:

  1. San áit a mbíonn monarcacht nó eaglais, nó fiú aon dream daoine ag ceiliúradh a mbith, bíonn gléasadh agus gaisce i rith a bhféilte.

    Is cosúil nach gcuireann sé isteach ná amach ar a lucht leanúna, a Dennis, mar glactar leis mar chuid den cheilúradh, is dócha. An dtéann siad thar fóir? Ní lia duine ná tuairim..:-)

    ReplyDelete
  2. Ach dúinne nach bhfuil inár lucht leanúna, tá míréir chognaíoch nach beag idir fhocail Íosa (sna Biáide, mar shampla) agus an mustar is mórdháil seo.

    ReplyDelete
  3. San áit a mbíonn monarcacht nó eaglais

    Tá an dá rud fite fuaite ina chéile sa Chríostaíocht:
    Prionsa na Síochána, Rí na Rí, an Tiarna Dia, srl.

    Chuir an téarmaíocht seo as dom riamh.

    ReplyDelete
  4. Tuigim do chás, a Dennis, ach leanann daoine iad de thoil dheona agus cé nach duine den lucht leanúna mé féin, glacaim leis sin - ach tá trua nach beag agam do na daoine nach dtugtar 'rogha' dóibh.

    ReplyDelete