21 Meitheamh 2012

burn, kill, run


Ní ceannlíne ó thablóideach éigin é seo, ach focail a fhaightear i logainmneacha i réigiúin éagsúla i Meiriceá in áit creek, an focal is coitianta abhus anseo ar shruthán nó abhainn bheag.


Cé go bhfuil léarscáil na hAlba breac le burns, is focal neamhghnách é i Meiriceá. Chonaic mé an ceann seo sa Mississippi Delta cúpla lá ó shin. Tá áit eile ar a dtugtar Glen Allan sa chontae céanna (Sharkey County), cé go bhfuil an Delta chomh cothrom le clár agus níl gleann ar bith ann. Ainmneacha iad seo a bhaist daoine a raibh cuimhne acu ar na seanfhóid ar na plantations a bhunaigh siad. Panther an focal atá acu sna bólaí seo ar an Puma concolor (mountain lion domsa, cougar in áiteanna eile).

Oifig an Phoist, Panther Burn

Is i Stát New York  is mó a fhaightear an focal kill ar shruthán: Fresh Kills, Fishkill, etc. Ón bhfocal Ollainnis kil a tháinig sé. Tugtar run ar shrutháin in Virginia, Pennsylvania, srl.: Bear Run, Bull Run agus mar sin de.

3 comments:

  1. Sruth na bhfocal!

    Deirtear anseo go raibh an chiall sruthán beag le run ó na 1580í http://www.etymonline.com/index.php?term=run&allowed_in_frame=0

    ReplyDelete
  2. Rud cosúil leis -

    'Slough' an focal aisteach a fheicimse anseo i Washington agus i gCeanada. Bíonn na focail 'marsh', agus 'swamp' níós coitianta i Meiriceá i gcoitinne.

    ReplyDelete
  3. Tá an focal slough /slu:/ coitianta i gCalifornia freisin, ach ní hionann é agus swamp/marsh dáiríre. Bíonn an t-uisce níos doimhne i slough de ghnáth, agus is uiscebhealach le dhá bhruach é. Féach na grianghrafanna den slough áitiúil anseo.

    ReplyDelete