17 Aibreán 2018

Conas a fuair Cú Chearca a ainm?




Cú Chearca, cad as don ainm sin? Ní hansa. Bhí cailleach naofa (.i. bean rialta) darbh ainm Cearc ann. Uair amháin chuaigh Fionnchadh, mac rí Osraí, ag seilg gar dá cillín. Dhúisigh na gadhair giorria. Bhí cú ag an gcailleach agus mharbhaigh sé an giorria. Mharaigh cúnna Fhionnchaidh cú na caillí. 
“Trua sin, a Fhionnchaidh!” arsa an chailleach. “Mharaigh tú mo chú coimeádta (.i. mo mhadra faire), agus bainfidh mé neamh díot ina éiric (.i. ina dhíol).” 
“Ná goid neamh díom,” arsa Fionnchadh. “Beidh mé i mo mhadra faire agat go ceann bliana i ndíol an chú.” 
“Glacaim leis sin,” arsa an chailleach, “agus beidh Cú Chearca mar ainm ort.” 
“Aontaím,” arsa Fionnchadh, agus bhí sé amhlaidh. Is dá bhrí sin a tugadh Cú Chearca air.