26 Iúil 2010

ceist is freagra


Cliceáil le méadú.

Ocus dála na fáilti
im thenid is im lebaid;
inann digsed do Róim
ar slige Póil is Petair.

Do bhallra Old-Irish-L é seo. Tá muid díreach tar éis comhrá eile idir na daoine seo, Comgan Mac Da Cherda agus Cummain Fota - comhrá níos faide agus i bhfad níos diamhra - a phlé ansin. Is i riocht rann amháin atá an ceann seo.

23 Iúil 2010

leadán úcaire



Cúpla lá ó shin dúirt John an méid seo: “Tá na feochadáin sa tríú pictiúr cosúil le crainn mhóra ó phlainéad eile.” Chuir sé sin ag smaoineamh mé. An feochadáin iad seo dáiríre? Teasel an t-ainm a bhí agam orthu, ach ní raibh mé cinnte faoi sin, agus ní raibh aon Ghaeilge agam orthu. Cheadaigh mé focail.ie agus d'fhoghlaim mé ainm nua: leadán úcaire.

Tá go maith, ach cén fáth “úcaire”? Is ar éigin atá a fhios againn anois céard is úcaire ann. Fuller? Tuillleadh taighde le déanamh.


Is cosúil gur barr margaidh (cash crop) a bhí sa phlanda seo go dtí le déanaí. Baineadh úsáid as na cinn le bruth a chur ar éadach olla. Tá cur síos maith ar an obair sin ar fáil anseo ón Trowbridge Museum.


Tá úcairí ag obair le “hanlaí leadán” sa léaráid seo ó Yorkshire. Is preemer (focal nach bhfuil againn i nGaeilge, de réir dealraimh) é an lead óg sa tulra.

22 Iúil 2010

seanfhocal Gàidhlig



“Taigh gun chù gun chat gun leanabh beag, taigh gun ghean gun ghàire.”

Is breá le Michael dul i bhfolach faoi na rugaí. Níor chuidigh mé leis anseo ar chor ar bith.

21 Iúil 2010

Ocht leathanach...


... nach bhfuil mé i gcumas iad a léamh:








20 Iúil 2010

samhradh, samhradh


Tógann an tsiúlóid ó mo theach go dtí an spórtlann san ollscoil leathuair an chloig de ghnáth. Thóg sí beagán níos faide orm inniu toisc gur stop mé le grianghrafanna a thógáil. Seo cuid acu san ord a thóg mé iad.







Is méanar dom go bhfuil an Union Bay Natural Area ina luí idir mo theach agus an ollscoil.

Íostachas abú!


Cliceáil le méadú.

Seo grianghraf den bhrasero ag feidhmiú. Flank steak maranáidithe in anlann piobair atá ar na bioranna. Bhí sé an-bhlasta.

17 Iúil 2010

Dhá leabhar...


... a chríochnaigh mé an tseachtain seo agus a mholfainn daoibh gan aon bhraiteoireacht:


16 Iúil 2010

bolgán solais


Cliceáil le méadú.

Is léir, faraor, nach bhfuil GIMP foghlamtha agam fós... ná béasa ach oiread, dar le cuid agaibh.

athúsáid agus ar ais arís



Fuair mé an píosa criadóireachta seo sa chlós anseo nuair a cheannaigh muid an teach. Bhí úir sa chuid uachtarach de agus bhí pansies ag fás ann. Is léir go raibh draenáil mhaith acu, pé scéal é! Tá pansies ceart go leor, ach bhain mé amach iad roimh i bhfad agus thug mé a dhínit agus a dhualgas ar ais dó mar brasero.


Tá mé réasúnta cinnte gur tháinig sé as México, mar sin is é an focal Spáinnise brasero a thugaim air. Hibachi (focal Seapáinise ó thús) a thugann muid ar ghríoscán beag beárbaiciú abhus anseo de ghnáth. Pé ainm atá air, cuirim brícíní gualaigh sa chuid uachtarach, titeann an luaithreach síos trí na poill, agus cuirim an fheoil ar bhioranna os cionn na n-aibhleog. Simplí agus éifeachtach.

15 Iúil 2010

ath- / feabhas- / fearr-chúrsáil




Ní raibh a fhios agam go raibh daoine ag baint athúsáide as bróga mar seo go dtí gur chuir mo chara Wade ar mo shúile dom iad inniu.


Níl a fhios agam cén fáth nach dtaitníonn an athúsáid thuas chomh mór sin liom. Bhí sé iontach greannmhar an chéad uair a chonaic mé ceann mar seo, na blianta ó shin.

fearrchúrsáil?


Seo trí shampla den rud a dtugann na Breatnaiseoirí “gwellgylchu” air. Dála chuile theanga eile inniu, tá focal acu ar “athchúrsáil”, mar atá “ailgylchu”, ó “ail” = dara (cf. “eile”) agus “cylchu” = timthriall (cf. “cycle”).

Ach tá siad tar éis focal nua a chumadh: “wellgylchu”; is é sin rud éigin níos fearr (= “gwell”) agus/nó níos áille a dhéanamh as rud éigin a chaithfí i dtraipisí murach sin.

Fearrchúrsáil i nGaeilge?






11 Iúil 2010

Cé hiad?


logainm gáirsiúil eile



Seanchárta poist é seo. Tá Rooster Rock ann fós, ar ndóigh. Is cuid de Rooster Rock State Park anois é. Deir an t-alt seo ag Wikipedia faoi Rooster Rock gur “iwash” a tugadh air sa Chinook Jargon, ach níl mé cinnte faoi sin. “Wootlat” a chuala mé riamh. Seo an méid a deir Gill:


Ach tá an ceart ag Wikipedia gur babhdlaráil (bowdlerization) atá san ainm Rooster Rock. “Cock Rock” a bhíodh air.

10 Iúil 2010

La Pine



Bhí mé ag caint le Max i bPáras an lá cheana faoin gcuairt a thug mé ar Oregon ar na mallaibh.

“Ansin thiomáin mé ó Fort Rock go dtí La Pine ...”

Phléasc mo dhuine amach ag gáire!

Thuig mé ansin, cé nár rith sé liom go dtí an nóiméad sin, agus thosaigh mé ag gáire freisin. Tá La Pine suite i lár Deschutes National Forest. Tá an talamh clúdaithe le crainn ghiúise sna ceithre hairde. Is cosúil gur shíl na daoine a chuir fúthu san áit sin sa naoú haois déag go mbeadh ainm Fraincise (nó Spáinnise?) níos galánta ná “Pine” leis féin. Mar sin chuir siad an t-alt leis. Bhí ainm Fraincise acu ansin ceart go leor. An rud nár thuig siad ansin agus nach dtuigeann an mhórchuid acu fós ná gur focal sách gáirsiúil é “la pine” a chiallaíonn “an bod”!

Dála an scéil, bheidís ceart go leor dá mbeadh “Le Pin” nó "El Pino” mar ainm acu: ceart, sábháilte agus leadránach. Tá áthas orm gur thogh siad “La Pine”.

Fort Rock


Mt. Bachelor, in aice le La Pine. Bolcán atá ann.

07 Iúil 2010

seanfhocal i Sean-Ghaeilge


Cliceáil le méadú.

Seo seanfhocal ársa eile daoibh. Tá sé scríofa sa Leabhar Breac ar leathanach 46. Tosaíonn an téacs sa pictiúr thuas leis an nod ‘7’ (= agus) thuas, ach ní cuid den seanfhocal é sin dáiríre. Tá ‘7’ eile ann i lár na líne, áfach, ar cuid den seanfhocal é. Níl ach nod amháin eile ann: líne thonnach os cionn na litreach ‘i’ a fheictear faoi dhó anseo. Is ionann an ‘i + líne thonnach’ seo agus “im”.

Leideanna:

1. Tosaíonn an seanfhocal le briathar agus críochnaíonn sé le foirm eile den bhriathar céanna.

2. Is coimpléasc briathartha é an dara ceann. Is é sin le rá, tá an forainm “-t-” dingthe isteach i lár an bhriathair. Is abairt iomlán é an coimpléasc briathartha: tá an t-ainmní, an briathar agus an cuspóir uilig ann. Níl aon rud mar sin againn i nGaeilge an lae inniu.

3. Tá an briathar seo sa teanga fós, bíodh is nach bhfuil an litriú ceannann céanna air.

4. Is ainmfhocal é an dara focal thuas, ní an réamhfhocal “ag”.

06 Iúil 2010

05 Iúil 2010

sean-nath simplí


Cliceáil le méadú.

Is ó Leabhar na hUidhre, a scríobhadh sa dóú haois déag, a thóg mé an rá seo.
Féach, níl fiú is nod amháin ann!

03 Iúil 2010

nod, nod eile...



Quiz beag dóibh siúd a bhfuil suim acu sna rudaí seo: cén focal atá i bhfolach faoi na noda seo uilig? Tá an focal seo le fáil i leabhar úrnaí lámhscríofa ón ochtú haois déag. Nuair a scaoiltear na noda - ta dá - tá litriú caighdeánach an lae inniu ar an bhfocal.

02 Iúil 2010

“Fire and Ice”



Spreag Myles an Nissan Micra mé le hiarracht a thabhairt ar Ghaeilge a chur ar an dán Fire and Ice le Robert Frost.

Faoi dheoidh an mbeidh an domhan ag dó?
Nó fillt' i reo?
De réir mo thaithí féin ar dhrúis,
Is léir go ndéanfadh dóiteán cúis.
Dá mbeadh air bás a fháil faoi dhó,
Is leor a bhfaca mé de ghráin
le rá gur scriostóir maith an reo
mar mhaor an dáin
a dhéanfas gnó.