Tógann an tsiúlóid ó mo theach go dtí an spórtlann san ollscoil leathuair an chloig de ghnáth. Thóg sí beagán níos faide orm inniu toisc gur stop mé le grianghrafanna a thógáil. Seo cuid acu san ord a thóg mé iad.
Is méanar dom go bhfuil an Union Bay Natural Area ina luí idir mo theach agus an ollscoil.
go hálainn
ReplyDeleteGo hálainn. Níos deise ná aon gharraí foirmeálta.
ReplyDeleteTá na feochadáin sa tríú pictiúr cosúil le crainn móra ó phlainéad eile.
ReplyDeleteIs maith liom iad, a Dennis, agus nach aoibhinn daoibh go bhfuil spéir ghorm agaibh thall - tá sé ag gleadhradh báistí anseo!
ReplyDeleteIs dócha go bhfuil tú ar saoire -- spórtlann, ag spaisteoireacht i rith an lae!
ReplyDeletecosúil le crainn mhóra ó phlainéad eile
ReplyDeleteSea, is iontach an dóigh ar féidir le grianghrafadóir fráma a chur ar rud éigin agus peirspictíocht úrnua a thabhairt dó.