03 Meitheamh 2014

bealach na filíochta fadó


Is cosúil go raibh daoine in Éirinn fadó a raibh post acu mar Ard-Ollamh. Post a bhí inchurtha le Aire Oideachais agus Eolaíochta in éineacht le File an Stáit san am céanna a bhí ann. Thugtaí Rí-Ollamh, Príomh-Éigeas, agus Rí-Éigeas ar an duine seo chomh maith.

Deir an seanscéal Immacallam in Dá Thúarad linn go raibh an post seo ag Adna mac Uthidir fadó. Bhí mac aige darbh ainm Néide. Chuaigh an mac seo go hAlbain le héigse a fhoghlaim ó Eochu Echbél. Bhí go maith agus ní raibh go holc.


Rola iarum in gilla bricht forsind tuind

Ach lá amháin chuaigh Néide síos go dtí an trá, agus chuala sé na tonnta ag caoineadh. Chan sé briocht orthu agus fuair sé amach uathu go raibh a athair tar éis bás a fháil, agus níos measa fós, go raibh file darbh ainm Ferchertna ar tí an Ard-Ollúnacht a fháil!

Tar éis d'Eochu Echbél an scéala seo a chloisteáil, deir sé le Néide go bhfuil sé ar comhchéim leis féin in éigse agus go bhfuil air filleadh ar Éirinn láithreach. Chuaigh Néide chun bóthair. Níos mó ná uair amháin, mar a tharla! Faoi thrí, actually, ós scéal Éireannach é seo.


Luid iarum neide reme

Luid iarum Neide reme ocus a t[h]rí brathir leis .i. Lugaid, Cairpre, Cruttine.  Do-curidar bolc belce dóib for conair.  Asbert fer díb cid dia n-apar bolc belce. Uair na fetatar lotar for culu co Echaid combátar mís aice.

D'imigh Néide agus Lugaid, Cairpre agus Cruttine, a thriúr deartháireacha. Tháinig siad ar bholgán béice ar an tslí. Dúirt duine amháin acu, “Cén fáth a dtugtar bolgán béice air?” Ó nach raibh a fhios acu, chuaigh siad ar ais agus chaith siad mí eile le hEochu.

Lotar for conair doridisi.

Lotar for conair doridisi.  Docuridar simind doib. Asbert fer dib, Cid dia n-apar semind? Uair na fetatar lotar for culu co a n-aiti.  Documlat úad i cind mís aile.  Docuridar gass sanais doib. Uair na fetatar cid dia n-epar gas sanais tiagait for culu co Echaid co mbatar mís aile aca.

Chuaigh siad chun bóthair arís. Tháinig siad ar “simind” (feag nó giolc ?). Dúirt duine díobh, “Cén fáth a dtugtar simind air?” Ó nach raibh a fhios acu, chuaigh siad ar ais chun a n-oide. D'imigh siad uaidh arís i gceann míosa eile. Tháinig siad ar ghas “sanais” (?). Ó nach raibh a fhios acu cén fáth a raibh gas sanais mar ainm air, chuaigh siad ar ais go hEochu agus bhí siad mí eile leis.

Faoi dheireadh thiar thall, tar éis dóibh na mínithe a bhí uathu a fháil - toisc go raibh siad thar a bheith dáiríre agus an-choinsiasach mar fhilí -  d'fhág siad Albain agus shroich siad Éirinn.

01 Meitheamh 2014

cumhacht an domhain thíos


De réir thraidisiún na gCeilteach, ba Shliocht an Té Cheilte a bhí iontu. Ba é Kḷtos a gcéad athair, an sinsear naofa a chuaigh chun cónaithe faoin talamh mar dhia. Míníonn an teoiric/fíric seo difríochtaí suntasacha idir a gcreideamh agus creideamh na Rómhánach is na nGréagach.

Is ar shliabh ard - Olympus - nó áit éigin eile os ár gcionn a bhí cónaí ar formhór na ndéithe Gréaga-Rómhánacha. Ba nós leis na pobail seo, agus leis na Giúdaigh chomh maith, íobairtí - ainmhithe den chuid is mó - a ofráil ar altóirí arda. Loisceadh ansin iad le go rachadh an deatach “milis” thuas chun na ndéithe. Loisc na Rómhánaigh a lán túise chomh maith, túis a fuair siad ar phraghas sách ard ón Araib Theas.

Ach ó thuaidh, sna críocha Ceilteacha, ba mhinic a rinne na Ceiltigh poll sa talamh mar altóir, mar ar chaith siad corpáin na n-ainimhithe a mharaigh siad mar íobairtí. Seo macasamhail den altóir sin, cé go bhfuil sí seo cineál beag. Lobh an fheoil agus chuaigh na súnna síos chun an domhain thíos. Neam neam!



Seo é an sloc mór i lár an tearmainn in Gournay-sur-Aronde a bhí ina altóir chuasach:




Ba nós leis na Ceiltigh rudaí luachmhara eile a chur i sloic, i ndíoga, i dtoibreacha, i bpoill eile mar ofrálacha. Faigheann seandálaithe seodra, airgid is óir, airm, coirí, trumpaí, cogaid, etc. sna háiteanna sin, agus i lochanna agus aibhneacha chomh maith. Is léir gur chreid na Ceiltigh go raibh cumhacht ina cónaí faoin talamh. Seo trumpa (carnyx), cuid de na hofrálacha a fuarthas i ndíog sa tearmann ag Tintignac sa Frainc.



Aguisín: nach suimiúil an rud é go bhfuil cónaí i mbrúnna faoin talamh ag Tuatha Dé Danann in Éirinn - go fóill, más fíor!