skip to main |
skip to sidebar
cumhacht an domhain thíos
De réir thraidisiún na gCeilteach, ba Shliocht an Té Cheilte a bhí iontu. Ba é Kḷtos a gcéad athair, an sinsear naofa a chuaigh chun cónaithe faoin talamh mar dhia. Míníonn an teoiric/fíric seo difríochtaí suntasacha idir a gcreideamh agus creideamh na Rómhánach is na nGréagach.
Is ar shliabh ard - Olympus - nó áit éigin eile os ár gcionn a bhí cónaí ar formhór na ndéithe Gréaga-Rómhánacha. Ba nós leis na pobail seo, agus leis na Giúdaigh chomh maith, íobairtí - ainmhithe den chuid is mó - a ofráil ar altóirí arda. Loisceadh ansin iad le go rachadh an deatach “milis” thuas chun na ndéithe. Loisc na Rómhánaigh a lán túise chomh maith, túis a fuair siad ar phraghas sách ard ón Araib Theas.
Ach ó thuaidh, sna críocha Ceilteacha, ba mhinic a rinne na Ceiltigh poll sa talamh mar altóir, mar ar chaith siad corpáin na n-ainimhithe a mharaigh siad mar íobairtí. Seo macasamhail den altóir sin, cé go bhfuil sí seo cineál beag. Lobh an fheoil agus chuaigh na súnna síos chun an domhain thíos. Neam neam!
Seo é an sloc mór i lár an tearmainn in Gournay-sur-Aronde a bhí ina altóir chuasach:
Ba nós leis na Ceiltigh rudaí luachmhara eile a chur i sloic, i ndíoga, i dtoibreacha, i bpoill eile mar ofrálacha. Faigheann seandálaithe seodra, airgid is óir, airm, coirí, trumpaí, cogaid, etc. sna háiteanna sin, agus i lochanna agus aibhneacha chomh maith. Is léir gur chreid na Ceiltigh go raibh cumhacht ina cónaí faoin talamh. Seo trumpa (carnyx), cuid de na hofrálacha a fuarthas i ndíog sa tearmann ag Tintignac sa Frainc.
Aguisín: nach suimiúil an rud é go bhfuil cónaí i mbrúnna faoin talamh ag Tuatha Dé Danann in Éirinn - go fóill, más fíor!
Ceist: cén fhianaise (nach dtagann ó na Gréagaigh) atá againn gur thug na Ceiltigh 'ceiltigh' orthu féin? An maireann an t-ainm i logainmneacha na hEorpa nó sna luath-scríbhinní? In Éirinn, an amhlaidh gur tháinig 'ceilteach' isteach leis an Laidin? B'fhéidir ábhar ailt eile amach atá ann, áfach . . .
ReplyDeleteTá muid i dtuilleamaí ar na nGréagach is na Rómhánach le haghaidh an-chuid dá bhfuil ar eolas againn ar na Ceiltigh, toisc nár chuir siad féin a stair ná a seanchas ar phár. Kελτοι agus Celtae a thug na staraithe clasaiceacha orthu, agus scríobh Julius Caesar “tertiam qui ipsorum lingua Celtae, nostra Galli, appellantur” .i. gurb é sin an t-ainm a bhí acu orthu féin. Tá na hainmneacha Celtus, Celticus, Celtiatus, Arceltus, Conceltus, etc.againn ar dhaoine ó Ghallia, Iberia, etc. (cf. Noms de personnes celtiques dans l'épigraphie classique, X. Delamarre, 2007)
ReplyDeleteNí raibh a fhios ag éinne in Éirinn sa mheánaois go raibh teanga Cheilteach á labhairt acu. Ceapaim gur tháinig an focal Ceilteach isteach sa teanga faoi dheireadh na 19ú haoise, leis an Athbheochan.
Suimiúil, a Dennis. Go raibh maith agat.
ReplyDeleteTá a lán rudaí Ceilteacha sa Thames chomh maith.. Battersea Shield, mar shampla. http://en.wikipedia.org/wiki/File:British_Museum_Battersea_Shield.jpg
Níor chuala mé sonraí na n-ainmneacha dílse roimhe seo--suimiúil.
ReplyDelete@Liz Bhí deis agam an sciath Battersea a fheiceáil arís cúpla seachtain ó shin. Meabhraíodh dom chomh beag is atá sí!
ReplyDeleteDála an scéil, a Liz, is cuimhin leat go raibh corúin ag rí an tsí in "Echtrae Nerai" (rí a bhí ina chónaí faoin talamh, ipso facto) a choinnigh sé i dtaisce i tobar (.i. níos doimhne fós faoin talamh). Macalla de na hofrálacha a cuireadh i dtoibreacha, i locha, agus in aibhneacha?
ReplyDelete