30 Nollaig 2011

Damhsa na bhFear Ceangail?


Ní rud úrnua an teoiric seo, a nocht ar Archaeology Ireland seacht mbliana ó shin, ach tháinig mé ar an scéal den chéad uair ar maidin. Le scéal gairid a dhéanamh de, tá ar a laghad duine amháin ann, innealtóir darb ainm Alan Nowell, a chreideann go bhfuil ceangal ann idir (A) an damhsa seo:

On the Manners and Customs of the Ancient Irish
le Eugene O'Curry

agus (B) na fir chrosfhite atá le feiceáil sna lámhscríbhinní, greanta i gcloch, teilgthe i miotal, agus mar sin de:



Tá níos mó léaráidí agus tuilleadh mínithe le fáil ar an suíomh seo.

29 Nollaig 2011

níos mó gearrthóga


Ní raibh mé sa tóir ar níos mó gearrthóga, bíodh is gur thaitin na manaigh sa bhlagmhír roimh an gceann seo go mór liom. Ach fuair mé é seo de thaisme ar maidin. Tá na gearrthóga seo beoite.



Agus deas an t-amhrán é.

28 Nollaig 2011

manaigh bhídeacha san East End



Fuair mé an íomhá seo ar an mblag seo an lá cheana. Míníonn an blagadóir, a thóg an pictiúr seo, nach bhfuil iontu ach gearrthóga páipéir atá greamaithe de bhalla san East End. (Tá triúr acu ann, mar is ceart, ar ndóigh.) Níl siad ach cúpla orlach ar airde. Níl a fhios agam cé a chum iad. Is breá liom an teicníc seo!

26 Nollaig 2011

athrú meoin sa Rúis


FAINIC!
Ní féidir athúsáid a bhaint astu!

Tá a fhios ag an saol mór agus a mháthair go bhfuil agóidí ar siúl i Moscó agus i gcathracha eile ar fud na Rúise faoi láthair. Mar a dúirt cara liom thall, Peter Makarov (a bhfuil scoth na Gaeilge aige), “Is iondúil go bhfuil slogans an-suimiúil agus an-creative ag na protesters.” Is fíormhaith liom an ceann thuas. Is amhlaidh a dúirt Putin cúpla lá ó shin, tar éis dó na ribíní bána a chaitheann na hagóideoirí a fheiceáil, gur shíl sé gur coiscíní a bhí iontu. Bhí Putin ina uachtarán uair amháin, ar ndóigh, agus ba mhaith leis an post sin a líonadh arís. Is cosúil anois nach bhfuil an bóthar roimhe chomh glan agus a bhíodh.

24 Nollaig 2011

camall na Nollag, agus alpaca


Tá comharsana nua againn ar an tsráid. Chuala mé ó chomharsa eile go raibh traidisiún neamhghnách acu: camall a thabhairt isteach le haghaidh chóisir na Nollag. Agus lo and behold, bhí camall acu sa tsráid roimh an tí tráthnóna inniu! Agus alpaca beag gleoite freisin.

Party Animals
Is cosúil go bhfuil sean-taithí acu ar an obair seo.


Is maorga an créatúr é seo.
Ní raibh aon saoi ón aird thoir le feiceáil.


Thaitin sé seo go mór leis na páistí.

23 Nollaig 2011

Ceart nó mícheart?



In med do connac ni fhacim 7 in med do cim
ni fhaiceb 7 in med do bi ni fhuil 7 in med ata
ni bia 7 in med bias ni beid. Anno do. m.ccccc
.xiii.

Cithruadh Mag Findghaill a bhreac síos an mhír seo i Leabhar Chlainne Suibhne sa bhliain 1513. Dúirt sé freisin nach raibh a bhean in ann an méid seo a thuiscint fós:

Ni maith tuicios Mor Ciar na focail si tís co foill.

Níl a fhios agam an eisean a chum na focail seo, nó cá bhfuair sé iad. Seo iad arís i litriú an lae inniu:

An méid a chonnac, ní fheicim; 7 an méid a chím
ní fheicfidh; 7 an méid a bhí, níl ; 7 an méid atá,
ní bhíonn; 7 an méid a bheas, ní bheidh. A.D. 1513

22 Nollaig 2011

Beannachtaí na Gréine!


Grianstad an Gheimhridh


Tá muidne sa “leath uachtarach” den talamh tar éis an oíche is faide den bhliain a chaitheamh. Cé nach mbeidh sé follasach ar dtús, beidh an lá ag dul chun síneadh as seo amach. Uair amháin eile, tá an bua ag Sol Invictus, An Ghrian Gan Chloí. (Dála an scéil, bhí breithlá an dé seo ar 25 Nollaig sa Róimh: Dies Natalis Solis Invicti.)

21 Nollaig 2011

An té nach bhfuil...


An té (nó an bheirt) nach bhfuil feidhmiúil,
ní foláir dó a bheith ornáideach.

caomhnú fuinnimh ar siúl


“Am dinnéir? Ní hea?
Cén fáth ar dhúisigh tú muid?”

Is le mo iPad a thóg mé na grianghrafanna seo, toisc go raibh sé in aice láimhe. Tá na híomhánna beagán gráinneach dá bhrí sin.

15 Nollaig 2011

an t-amhrán is ansa liom anois


Éist leis. Níl aon mhíniú ag teastáil.



Pas mal, hein ?


braonta: agúisín


Seo aguisín leis an méid a scríobh mé mí ó shin faoi bhraonta báistí agus an chuma atá orthu dáiríre.



Tá bualadh bos tuillte ag na Slow Mo Guys!

14 Nollaig 2011

“Níl a fhios ag éinne ar an idirlíon...


... gur madra atá ionat.”


Tá gailearaí grianghrafanna ar Brain Pickings anois a thugann léargas úr dúinn ar an nath sin. Seo sampla amháin as.


Séard atá ann ná grianghrafanna de dhaoine atá ina ngéimirí ar an idirlíon in aice leis na híomhánna, nó avatars, a sheasann dóibh ar líne.

Caithfidh mé admháil go bhfuil mé dall ar fad ar dhá dhual suntasach de chultúr idirnáisiúnta an lae inniu, hip hop agus géimireacht, ach mar sin féin bhain mé an-sult as an gcnuasach íomhánna seo.

08 Nollaig 2011

drochlá an scríobhaí


ata in dubsa ag leatad

re flichi in lae

& is im aenar domsa gan mh

agus uair is fata ata


Tá an dubh seo ag leathadh le fliche an lae,
agus is im aonar domsa gan M
agus uair is fada atá.

Bíonn laethanta mar seo ann. Tá rud éigin cearr leis an ríomhaire, nó leis an bhfreastálaí, nó leis an gcosmas. Tá an spéir chomh fliuch le hiasc, tá tú leat féin, agus tá an tráthnóna ag éirí chomh fada le Domhnach fliuch.

Is ag obair an Leabhar Bhaile an Mhóta sa bhliain 1390 nó 1391 a bhí an scríobhaí nuair a bhreac sé síos an méid thuas ag barr leathanaigh 232v.

Is mór agam giotaí mar seo. Cá raibh an duine a d'fhág an píosa seo dírbheathaisnéise suite? Céard a bhí á chaitheamh aige? Cén fáth a raibh sé ina aonar? Cé hé M?