An té (nó an bheirt) nach bhfuil feidhmiúil,
ní foláir dó a bheith ornáideach.
caomhnú fuinnimh ar siúl
“Am dinnéir? Ní hea?
Cén fáth ar dhúisigh tú muid?”
Is le mo iPad a thóg mé na grianghrafanna seo, toisc go raibh sé in aice láimhe. Tá na híomhánna beagán gráinneach dá bhrí sin.
Cuireann an chéad ghrianghraf thuas an tsiombail de chuid yin agus yang i gcuimhne dom.
ReplyDeleteNach breá a bheith ina chat!
Nó le focail an dáin, "Aoibhinn beatha an scoláire", a athrú:
ReplyDeleteAoibhinn beatha an chait!
Hah! Rith an smaoineamh céanna le Feargus liomsa.
ReplyDelete