26 Nollaig 2011

athrú meoin sa Rúis


FAINIC!
Ní féidir athúsáid a bhaint astu!

Tá a fhios ag an saol mór agus a mháthair go bhfuil agóidí ar siúl i Moscó agus i gcathracha eile ar fud na Rúise faoi láthair. Mar a dúirt cara liom thall, Peter Makarov (a bhfuil scoth na Gaeilge aige), “Is iondúil go bhfuil slogans an-suimiúil agus an-creative ag na protesters.” Is fíormhaith liom an ceann thuas. Is amhlaidh a dúirt Putin cúpla lá ó shin, tar éis dó na ribíní bána a chaitheann na hagóideoirí a fheiceáil, gur shíl sé gur coiscíní a bhí iontu. Bhí Putin ina uachtarán uair amháin, ar ndóigh, agus ba mhaith leis an post sin a líonadh arís. Is cosúil anois nach bhfuil an bóthar roimhe chomh glan agus a bhíodh.

1 comment:

  1. Is deacra fós slánaitheoir a athchúrsáil ná coiscín.

    Táim ag cuimhneamh ar an Réabhlóid Fhlannbhuí san Úcráin - seacht mbliana ó shin, doiligh a shamhlú! - agus go bhfuil an duine a raibh an réabhlóid ina choinne tráth an ama sin ina uachtarán arís ar an tír le bliain anuas.

    I ndeireadh an lae is cosúil go roghnaíonn an pobal i dtólamh ord an bhodaigh thar anord an "tslánaitheora".

    ReplyDelete