30 Márta 2011

clog analógach...


... a bhfuil níos mó (sílim) ná míle pháirt ghluaisteach ann:


Déanta na fírinne, tá trí chlog ann: ceann amháin le haghaidh tae glas (3 nóiméad), ceann amháin le haghaidh tae dubh (5 nóiméad), agus ceann amháin le haghaidh tae luibhe (7 nóiméad). Is féidir an ceann glas a úsáid le haghaidh uibheanna bogbhruite freisin, ar ndóigh. Chonaic mé an t-orláiste tríreach seo i siopa caife i bPomona, California cúpla seachtain ó shin agus cheannaigh mé ar an toirt é. Ní raibh sé daor. Tá sé simplí, cruinn, cuanna, ciúin. Agus is maith liom seanteicneolaíochtaí a oibríonn gan leictreachas!

In aon fhocal amháin, tá sé elegant. An bhfuil leathbhreac an fhocail sin againn i nGaeilge?

6 comments:

  1. @ elegant

    Galánta an focal a rith liom féin, a Dennis.

    An féidir é a cheannach ar an idirlíon?

    ReplyDelete
  2. Tá sé galánta, gan amhras. Ba chóir go mbeadh a leithéid ag gach teach tábhairne sa Bhreatain, i gcomhair pionta ceart Guinness a tharraingt.

    ReplyDelete
  3. Cheannaigh mé é ó shiopa de chuid The Coffee Bean & Tea Leaf. Tá suíomh acu ar an idirlíon agus tá siopa ar-líne acu, ach ní fheicim an t-orláiste seo ansin (cé go bhfuil a ainm scríofa air). B'fhéidir go mbeadh sé ar fáil mar sin féin dá rachfá i dteagmháil leo.

    ReplyDelete
  4. Tá sé go hálainn, ach caithfidh tú do shúil a choinneáil air, mar níl clog inchloiste ann.
    Ní féidir leat 'multi-task' agus do thae á ullmhú.

    ReplyDelete
  5. Maidir le “galánta”, an féidir a rá gur “promhadh galánta” atá ann, .i. an elegant proof ?

    ReplyDelete
  6. @ Liz - Is fíor duit. Ach is éalú ó mhulti-tasking atá uaim nuair a ullmhaím tae!

    ReplyDelete