01 Márta 2011

Ní scríobhann ach duine amháin sa teanga seo.


Frédéric Werst is ainm (cleite) dó. Is Francach é atá ina chónaí i bPáras.

Wardwesân an t-ainm atá ar an teanga. Chum sé féin í.

Tá a lán daoine ann a chumann teangacha. Conlangers a thugtar orthu, ó na focail constructed language. Rinne Werst rud nach ndéanann an gnáth-chonlanger : scríobh sé leabhar iomlán sa teanga sin. Níos iontaí fós, d'fhoilsigh Éditions du Seuil, ceann d'fhoilsitheoirí móra na hEorpa, an leabhar seo dhá mhí ó shin. Cnuasach de scéalta, d'aistí, de dhánta, de phaidreacha, srl. atá ann. Tá an t-iomlán i Wardwesân agus i bhFraincis.

Sliocht as an leabhar dátheangach Ward (Ier et IIème siècles),
le Frédéric Werst, Seuil, 412 leathanach, 22 €

Is féidir éisteacht leis an údar ag léamh as a leabhar i Wardwesân anseo.

Gheobhaidh tú agallamh fada (a cuireadh air i bhFraincis) san áit chéanna. Ós iad beirt Fhrancach atá ag cur is ag cúiteamh ar an litríocht atá againn san agallamh seo, luaitear “textes, polyphonie, discours, champs sémantiques” ann, chomh maith le Montaigne, Nabakov, Dostoïesvki, Nietzsche, Lacan, Montesquieu, agus Mallarmé.

Má thuig mé an t-agallamh i gceart, tá an leabhar seo níos sérieuxThe Lord of the Rings ná aon rud mar sin. Fealsúnacht agus ealaín, polaitíocht agus teoirci atá le fáil in Ward (Ier et IIème siècles), seachas aon rud chomh suarach le heachtraíocht.

Frédéric Werst,
údar na teanga
údar an leabhair
(Ciallaíonn “werst” “rud” ina theanga.)

7 comments:

  1. Tá mise ag iarraidh conlang a chruthú le blianta anuas, conlang pearsanta, ach is léir dom nach bhfuil an t-ádh agam go fóill.

    ReplyDelete
  2. Ar aon nós, 'bhfuil do theanga féin agat?

    ReplyDelete
  3. Conlang de mo chuid féin? Níl. Más mian liom rud éigin a bhreacadh síos go príobháideach is leor Gaeilge scríofa san aibítir Devanagari!

    ReplyDelete
  4. Chuala mé fuaimeanna Gaeilge agus Spáinnise sa teanga sin uaidh, a Dennis, shíl mé.

    Mo chuimhne, bain sult as do shaoire in Palm Springs, a chara.

    ReplyDelete
  5. Chaithfeadh Werst "Jalousie" le Alain Robbe-Gillet (a léigh mé na cianta ó shin nuair a bhinn ag déanamh fiosrúcháín ar litríocht thurgnamhach agus a leithéid) a aistriú go Wardwesân agus bheadh an léitheoir is rúndiamhaire dár féidir a bheith beo sásta leis.

    Dála an scéil, bain taitneamh as Palm Springs.

    ReplyDelete
  6. Á! anois tá 'fhios againn, cad as a thaínig an téarma Corcaíoch úd: "LANGER"

    http://www.youtube.com/watch?v=t_Vy_ADJVmg&feature=related

    ReplyDelete