27 Márta 2011

dramhphost & peidléirí gutháin



Is cuimhin liom, ar éigin, aois órga ársa chianda nuair a bhíodh litreacha pearsanta agus cártaí poist níos líomhaire sa phost ná na catalóga, na leabhráin chúpón, etc. a fhaightear ann inniu. Dramhphost, in aon fhocal amháin.

Is léir dom anois, le bliain nó dhó anuas, go bhfuil an taoide tar éis iompú sa treo céanna ar an nguthán baile (“an líne thalún”) freisin. Ní thógaim an glacadóir seacht n-uaire as deich anois. Tá a fhios agam cheana, ó aitheantas an ghlaoiteora ar an scáileán beag, nach mbeidh ar cheann eile na líne ach peidléir eile, nó “worthy cause” eile, nó pobalbhreith eile.



Maidir leis an teileafón mar áis shóisialta, baintear níos lú daoine úsáid as le comhrá beo a dhéanamh ná riamh. Bhí alt faoi seo ar an New York Times an tseachtain seo caite, “Don't Call Me, I Won't Call You”. Chuir sé ionadh orm, ach d'aithin mé láithreach go raibh an ceart ag an údar.

5 comments:

  1. Sin mar a bhíonn i gcónaí. Ar dtús, cruthaítear teicneolaíocht nua chun cur ar chumas daoine cumarsáid thábhachtach fhiúntach a dhéanamh le chéile. Ansin, baintear mí-úsáid aisti.

    ReplyDelete
  2. Is cuimhin liom nuair nach raibh aon fhón in aon chor sa ghnáth-thigh in Éirinn. Ansan nuair d'éiríodar níba choitianta bhíodh daoine ag gearán go raibh scrios déanta ag an ngléas damanta ar cheird scríbhneoireacht litreacha. Anois is cosúil go mbíonn cumha ar dhaoine i ndiaidh chomhrá beo an fhóin. Ní dóigh liom go bhfuil ré an fhóin labhartha thart fós. Is breá an áis í an téacsáil ach nuair a bhuailfidh fonn cainte daoine ní leor téacsanna gonta.

    ReplyDelete
  3. Tá mé díreach tar éis The Information le James Gleick a léamh. Déanta na fírinne, níor léigh mé é. D'éist mé leis an gclosleabhar, a raibh fáil air níos luaithe ná an leabhar clóite. Pé scéal é, d'fhoghlaim mé gur shíl na comhlachtaí teileafóin ar dtús gur mí-úsáid den ghléas nua a bhí sna comhráití sóisialta a bhí daoine ag déanamh leis. Dar leo, bhí sé ann le haghaidh rudaí tábhachtacha, cúrsaí gnó go háirithe, agus sin an méid!

    ReplyDelete
  4. Is maith liom áis ar bith a thugann deis dom cumarsáid a dhéanamh le mo dhream féin i.e. mo chlann, mo mhuintir, mo chairde.

    Níl am ag daoine labhairt lena chéile anois, agus tá sé sin ceart go leor don té nach mian leo labhairt ná éisteacht, ach don té atá uaigneach, abair, is maith ann an fón, agus is maith ann an duine a éisteann leo.

    ReplyDelete
  5. Nuair a bhí mé i mo pháiste óg, bhí líne i bpáirt (?party line) againn. Cling ar leith ag gach teach.

    ReplyDelete