tag:blogger.com,1999:blog-7043693717184698663.post7900326998427085164..comments2024-03-17T19:17:27.086-07:00Comments on Nótaí Imill: an teanga is foirfeDennis Kinghttp://www.blogger.com/profile/16257272622416604133noreply@blogger.comBlogger7125tag:blogger.com,1999:blog-7043693717184698663.post-26569157458189091292011-03-25T17:15:55.418-07:002011-03-25T17:15:55.418-07:00Bhí duine ar Old-Irish-L ag gearán faoi na giotaí ...Bhí duine ar Old-Irish-L ag gearán faoi na giotaí a bhfuil baint acu leis an tSean-Ghaeilge ar mo bhlag a bheith i nGaeilge, toisc nach raibh sí in ann iad a léamh. Ach ansin scríobh sí ar ais chuig an liosta ag rá gur éirigh léi na blagmhíreanna sin a thuiscint a bhuí le Google Translate. Bhí áthas orm é sin a chloisteáil. Anois ní bheidh aon iallach orm rud ar bith a scríobh i mBéarla!
:-)Dennis Kinghttps://www.blogger.com/profile/16257272622416604133noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-7043693717184698663.post-1687465672241007912011-03-25T12:16:21.084-07:002011-03-25T12:16:21.084-07:00Níl an leabhar sin léite agam.
Aontaím go neart...Níl an leabhar sin léite agam.

Aontaím go neartaíonn ríomhaistriúchán stádas mionteangacha ar líne, cé go bhfuil sé ag dul thar fóir a rá nach mbainfear úsáid as Béarla mar chomhtheanga idirnáisiúnta dá bharr.

Agus ní léir go mbeidh Google agus na comhlachtaí móra eile in ann córas den chéad scoth a chur ar fáil i mionteangacha riamh, toisc go bhfuil a gcur chuige bunaithe ar staitisticí agus níl go leor sonraí ar fáil sna teangacha is lú. Tá fadhbanna eile ann freisin - mar shampla níl an córas atá in úsáid ag Google faoi láthair oiriúnach do theangacha a bhfuil móirfeolaíocht an-chasta acu, teangacha Bantúcha mar shampla.Kevin Scannellhttps://www.blogger.com/profile/11102683404376963361noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-7043693717184698663.post-39442119806941510312011-03-24T22:38:54.625-07:002011-03-24T22:38:54.625-07:00baineadh úsáid as Aymara mar idirtheanga i gcóras ...baineadh úsáid as Aymara mar idirtheanga i gcóras ríomhaistriúcháin blianta ó shin

Dáiríre?!? Dála an scéil, an bhfuil The Information, an leabhar nua le James Gleick (glic?) léite agat? Agus tá Nick Ostler ann chomh maith anois a mhaíonn sa leabhar nua aige go mbeidh na córais ríomhaistriúcháin chomh maith sin amach anseo nach mbeidh gá le Béarla a thuilleadh mar chomhtheanga idirnáisiúnta.Dennis Kinghttps://www.blogger.com/profile/16257272622416604133noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-7043693717184698663.post-48290781808772221602011-03-24T19:22:36.804-07:002011-03-24T19:22:36.804-07:00Dúirt. Agus luann sé gur baineadh úsáid as Aymara...Dúirt. Agus luann sé gur baineadh úsáid as Aymara mar idirtheanga i gcóras ríomhaistriúcháin blianta ó shin - feicim tagairtí don scéal céanna sa litríocht ar an ábhar anois is arís.Kevin Scannellhttps://www.blogger.com/profile/11102683404376963361noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-7043693717184698663.post-26334869420781524682011-03-24T18:37:44.745-07:002011-03-24T18:37:44.745-07:00Nach ndúirt sé freisin rud éigin faoi loighic thrí...Nach ndúirt sé freisin rud éigin faoi loighic thrípháirteach a bheith ag Aymara sa leabhar céanna? Sin rud nár thuig mé ró-mhaith riamh.Dennis Kinghttps://www.blogger.com/profile/16257272622416604133noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-7043693717184698663.post-74357606333854833902011-03-24T18:16:20.394-07:002011-03-24T18:16:20.394-07:00Rinne Umberto Eco tagairt don sliocht seo as Aurai...Rinne Umberto Eco tagairt don sliocht seo as Auraicept na nÉces ina leabhar suimiúil "The Search for the Perfect Language", lch. 16.Kevin Scannellhttps://www.blogger.com/profile/11102683404376963361noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-7043693717184698663.post-84772026318419704982011-03-24T13:55:35.591-07:002011-03-24T13:55:35.591-07:00Deile!
Táim cosúil leis an mbean thíos anois, ta...Deile!

Táim cosúil leis an mbean thíos anois, tar éis an méid sin thuas a léamh...:-)Mise Áinehttps://www.blogger.com/profile/14982936839007732000noreply@blogger.com