30 Bealtaine 2009

solas glas


Cén Ghaeilge atá ar LED?  

LED, cé gur féidir “dé-óid astaithe solais” a rá freisin.  :-)  Tá a lán cainte ar an dlúthsholas fluaraiseach faoi láthair mar an chéad bholgán solais eile, ach is gearr an t-achar a bheas siad i lár an aonaigh.  Tá dhá mhíbhuntáiste móra ag baint leis na compact fluorescents:  tá mearcair iontu, agus ní oibríonn siad le lascanna maolúcháin.  Agus tá coiscéim charbóin an-bheag ag an LED, i bhfad níos lú ná mar atá ag an dlúthsholas fluaraiseach.  Tá an LED níos costasaí anois, ach feicfidh muid laghdú mór ar an bpraghas amach anseo.

LED sna lampaí sráide in Ann Arbor, Michigan, thuas.

3 comments:

  1. Cúpla alt ón Wall Street Journal thíos. Deanann an chéad alt cur síos ar lampaí sráide LED agus an dara alt ar lampaí sa teach.


    http://online.wsj.com/article/SB124035903357241327.html

    http://online.wsj.com/article/SB124355510568364629.html

    ReplyDelete
  2. Go raibh maith agat, Liz. Léigh mé cheana féin iad. Is iad an dá alt sin agus an ceann ar an New York Times a d'áitigh orm go bhfuil cosa faoin teicneolaíocht seo.

    ReplyDelete
  3. Tá lampaí 3V LED curtha isteach i nDearc Fhearna (an uaimh úd a thrácht mé air air na mallaibh).

    Bhí deacrachtaí acu go raibh an tsean chóras ag spreagadh fás plandaí.

    Tá siad ag éirí níos flúirsí i ngluaisteáin freisin, feictear dom.

    ReplyDelete