30 Bealtaine 2009

Scríofa ar phár sa sean-am ...

... agus ar pháipéar leithris anois!  An t-úrscéal uafáis nua le Koji Suzuki atá mé a rá.  Seo é an t-údar le cóipeanna dá úrscéal nua-fhoilsithe.







Níl an t-úrscéal sin agam, ach tá rolla páipéar leithris eile agam a fuair mé mar bhronntanas Nollag an bhliain seo caite nuair a bhí mo dhuine in oifig fós. Tá seisean imithe anois, beidh an rolla caite roimh i bhfad agus ní bheidh a leithéid arís ann.

Is aoir é seo, ar ndóigh, ach cén cineál?  Dar le seantéacs amháin tá “secht cenéla aíre la Féniu”. Ábhar é seo do theachtaireacht eile!

7 comments:

  1. B'fhéidir leat rolla nua a fháíl agus íomhá Obama air anois, radht? Nach mbeadh a leithéid sin chomh greannmhar? Nach bhfuil a leithéid sin chomh coitianta? Nach gceapann gach éinne gur oiriúnach sin?

    Loit tú an suíomh breá seo leis an masla seo, a chara. Tá daoine ann sa saol seo nach n-aontaíonn libh gur amadán Bush. Tá!

    ReplyDelete
  2. Bhíos ag súil leis an glam sin, agus níor loic tú orainn, bail ó Dhia ort. ;-)

    ReplyDelete
  3. In ainm De, Dennis. Ni hamhain go bhfuil se maslach ach, nios measa fos, ta se leanabai agus ni lena leitheid a bheinn ag suil uaitse ach go hairithe. Anois, an bhfuil einne amuigh ansin a bhfuil fuascailt m'fhaidhbe aige. Conas na haicinn a chur ar na gutai agus me ag scriobh ar an mblag seo. PC Vista ata agam.

    ReplyDelete
  4. Céard go díreach atá cearr le polaiteoir a mhaslú?!? Bhí "cacc fora enech" cheana féin, ar aon nós. Poetic justice atá san AOIR seo. Ní chuireann dlíthe "libel" scáth orainn sa tír seo, murab ionann agus áiteanna eile, buíochas le Dia.

    ReplyDelete
  5. Agus maidir le "libel" in Éirinn, féachaigí seo:

    http://www.mediawatchwatch.org.uk/2009/04/29/feck-ireland-considers-blasphemous-libel-law/

    ReplyDelete
  6. Agus rud eile...

    Tá blag breá úrnua ag SeanO:

    http://seano-thallisabhus.blogspot.com/

    Tugaigí súil air! Is garraídóir iontach é Seán, i measc rudaí eile.

    ReplyDelete
  7. Mar fhreagra ar Shéamas Poncán: ní fiú Obama a chur ar pháipéar leithris ar chor bith mar tá seisean dubh cheana!

    ReplyDelete