22 Bealtaine 2009

An Litir A


“Ailm didiu cétlabrad cech bí, iachtad cech mairb.”

Tá leaganacha den abairt seo le fáil in Auraicept na nÉces (The Scholars' Primer) agus in Immacallam in Dá Thúarad (The Colloquy of the Two Sages).  Seo agaibh é i nGaeilge an lae inniu:

Is é ailm (.i. an litir “a”; Leath do bhéal agus abair “aaaaa”!) an chéad labhairt de gach beo agus an iacht (.i. cnead) de gach marbh.  

Alpha agus omega sa ghuta céanna, an é sin é?  Ní aon rud Gaelach ar leith a bhí sa bhéim seo ar an gcéad litir, áfach.  Mar shampla, tá sūtra Búdaíoch ann nach bhfuil ach aon litir amháin ann -- “A” -- ar ndóigh!  Foirfeacht Eagnaíochta in Aon Litir Amháin an teideal atá air.

Séard a fheiceann tú thuas, dála an scéil, ná cúpla “a” a rinne mé le stampaí rubair a ghearr mé as scriosáin.

4 comments:

  1. Ahhh, dá mbeadh an Fhoirfeacht chomh simplí sin...

    ReplyDelete
  2. Bhí colúnaí ar an "San Francisco Chronicle" darbh ainm Herb Caen nuair a bhí mé ag teacht aníos. Eisean a chum an focal "beatnik" sa bhliain 1958, i gceann amháin dá chuid colún. Is cosúil gurbh eisean a dúirt "OM is the dial tone of the universe." Tá OM beagán trom is anásta i gcomórtas le A, áfach. Is fearr liomsa A. :-)

    ReplyDelete
  3. Creidim gurb é an toradh céanna a bheas ar an dá fhuaim - an ciúnas a leanann iad.

    ReplyDelete