Seo é an scríobhaí céanna, ag caint arís faoin gcoinneal a fuair sé “le cluainaireacht.” Nochtann sé ainm na mná a thug an solas sin dó. Agus maíonn sé - go dána fós - nach cúis aithrí dóibh é sin.
Ag sin lethtaobh do sgribus
oidhqi feil san nicalas
7 an sgol uile na dtaoi acht meisi
7 nar aithfrigi dei sin orm fein
na ar a mnaoi tuc solus dam .i. sile
“Sin é an leathanach a scríobh mé oíche Fhéile San Nioclás agus an scoil uilig ina dtámh ach mise, agus ná raibh aithrí de sin orm féin ná ar an mnaoi a thug solas dom, i.e. Síle.”
Is dócha gurbh í Síle an bhean a chiontaigh sé sa nóta seo, an bhean a chuir a aigne óna chuid oibre, dar leis.
Brí le támh nach raibh agam.
ReplyDeleteSíle bhocht agus cluanaire mar seo dá mhealladh!
Thogh mé "támh" mar aistriúchán ar "taoi," focal nach bhfuil sa teanga níos mó. Is ó "tóe = tost" na Sean-Gh a tháinig sé. Sanaseolaíocht eile ag "támh".
ReplyDelete