17 Meán Fómhair 2014

solas don scríobhaí


Is fada ó thug mé nóta imill daoibh. Seo ceann deas dána ó Leabhar Buí Leacáin (col. 508-09), a d'fhág an scríobhaí ag bun an leathanaigh. Tá na híomhánna seo inmhéadaithe:



Dar lem féin a sgol is maith do ben me



in coinneal ar cluanaireacht diph

“Ar liom féin, a scoil, is maith a fuair mé an choinneal le cluaineareacht díbh.”

Níl a fhios agam cén saghas cluaineareachta, nó cluanaíochta, a bhí i gceist. Is cosúil go raibh an scríobhaí bródúil as féin, pé scéal é.

Seo cúpla ceann de na noda atá le feiceáil ann:


 air in cluanaireacht

(e)acht in cluanaireacht

di in diph (díbh)

2 comments:

  1. an cluanaire cleasaíoch cliste - shíl mé go mbíodh onóir i measc manaich fadó fadó...

    ReplyDelete
  2. Ní dócha gur manach a bhí ann, áfach. Ní raibh baint ag na “scoileanna” leis an Eaglais faoin am sin.

    ReplyDelete