22 Márta 2012

“Marginalized”


Fuair mé an íomhá seo a leanas san uimhir reatha de Lapham's Quarterly. Níl sé éasca a léamh anseo, ach tá sé an-soiléir ar an suíomh atá acu.

Cliceáil leis an íomhá a dhéanamh beagán níos mó.

Is mór an trua é nach ndúradh linn gur ó lámhscríbhinní Éireannach a tháinig na nótaí imill seo. Agus is trua freisin gur bhain siad úsáid as scríbhinn neamh-Éireannach len é a mhaisiú. *osna*

2 comments:

  1. Go hálainn. Greannmhar ag an tús agus brónach ag an deireadh.

    ReplyDelete
  2. Maidir leis an deireadh brónach, is uimhir a 130 é in Dánfhocail. Tá sé ar fáil fosta ar líne anseo, in éindí le leagan eile atá níos fearr fós (i mo thuairimse):

    Uch a lám,
    ar scribis de memrum bán!
    Béra in memrum fá buaidh,
    is bethair-si id benn lom cuail cnám.

    ReplyDelete