07 Márta 2012

bonn ilteangach



Éisíodh an bonn seo sa bhliain 2008 mar chuid den 50 State Quarters Program. An rud is suimiúla faoin mbonn - domsa ar aon nós - ná go bhfuil sé trítheangach: Laidin, Haváis, agus Béarla. Sea, Béarla freisin mar is i mBéarla a scríobhtar ainm an stáit mar Hawaii gan an ‘okina, an stop glotais a fhaightear sa leagan Haváise den ainm: Hawai‘i.

Ua mau ke ea o ka ‘āina i ka pono an mana atá scríofa ar an mbonn. Aistrítear go Béarla de ghnáth é mar the life of the land is perpetuated in righteousness. Ach níl sé éasca Béarla beacht a chur ar chuid de na focail seo. Is ionann mau agus “buanú”, ach ciallaíonn ea “flaitheas” chomh maith le “anáil, beatha”. Maidir le pono, tá sé beagnach dodhéanta é a chuimsiú in aon fhocal amháin. Nuair a bhíonn pono ann, tá teacht maith ag chuile rud agus ag chuile dhuine lena chéile, rud nach gcuireann an focal righteousness i gcéill i mBéarla an lae inniu.

Cá raibh mé, meas sibh, le dhá sheachtain anuas?

5 comments:

  1. Hawai'i?! Bhuel, nach bhfuil an t-ádh leat? An bhfaca tú an scannán The Descendants go fóill? Tá sé an-mhaith ar fad. Scéal simplí, suíomh álainn. Agus thaitin an fuaimrian ukulele go mór liom.

    ReplyDelete
  2. Bheinn ag súil leis go mbeadh rud éigin cosúil le "Book him, Danno!" ar an mbonn.;)

    Is sa mojo atá buanú saoil na tíre.

    ReplyDelete
  3. An bhfaca tú an scannán The Descendants go fóill?

    Ní fhaca, ach tá ar bharr an liosta.

    Is sa mojo atá buanú saoil na tíre.

    Sluán a bhíodh ag na Mariners (daorchluiche) abhus anseo ar feadh tamaill ná “Viva la Mojo!" (“mojo” baininscneach??) Ach ní dóigh liom gurb ionann “mojo” agus “pono” ar chor ar bith. Tá focal/coincheap an-chosúil le “pono” ag na Navajos sa tír seo, áfach, mar atá “hózhǫ́”.

    ReplyDelete
  4. Bhí tú ag cur ‘okina le grian in Hawai‘i, is cosúil!

    ReplyDelete
  5. Bolg le gréin? Beagán, le mo stóras vítimin D a mhéadú. Ach tá mo chraiceann ró-bhán lena lán de a fhulaingt!

    ReplyDelete