15 Márta 2012

St. Patrick's Day Roll


Seo agaibh speisialtacht na míosa ag Blue C Sushi, bialann i mo chomharsanacht: an rolla St. Patrick's Day, sna dathanna uaine, bán agus oráiste, ar ndóigh. Chonaic mé tráthnóna inné é, agus mé i mo shuí ag an gcuntar ansin, na miasa ag máirseál thart romham.


Tá crios iompair acu ansin agus téann na miasa timpeall air gan stad. Tógann na custaiméirí na miasa a thaiteann leo ón gcrios.


Maidir leis an St. Patrick's Day Roll, séard atá ann ná “a delicious combination of spicy tuna, krab salad, cucumber, topped with spring mix, avocado, wasabi mayo and masago!”

3 comments:

  1. Níl sé sin Gaelach nó Éireannach nó Pádraigúil féin!

    ReplyDelete
  2. Níor cheannaigh mé féin é. Tá an iomarca ann: saghas “bricfeasta madra”.
    ;-)

    ReplyDelete