31 Márta 2012

“comhairle in aice le do thoil”


De réir de Bhaldraithe, más mian leat “wishful thinking” a rá i nGaeilge, caithfidh tú sé fhocal a úsáid: “comhairle in aice le do thoil”.


Sé fhocal, agus níl mé cinnte go gcuimsíonn na siad brí an téarma Béarla. Tá an abairt iomlán seo san fhoclóir Collins:

it's just wishful thinking - níl ann ach rud atá in aice le do thoil

Is féidir an méid sin a rá i mBéarla, a bheag nó a mhór, leis an gcor cainte it's just pie in the sky freisin. Nach bhfuil nath ar bith cosúil leis sin againn i nGaeilge?


Dála an scéil, is cosúil nach bhfuil ach focal amháin ag teastáil i nGearmáinis: “Wunschdenken”.

25 comments:

  1. Fonnmheabhraíocht, b'fhéidir..:-)

    ReplyDelete
  2. Is maith liom an Esperanto: esperpensado

    ReplyDelete
  3. Ar an drochuair dúinn, a chairde, bíonn comhfhocail mar sin (.i. Wunsch-denken, esper-pensado) beagán “trom” i nGaeilge. Ní raibh mórán acu le fáil i gcaint na ndaoine ag tús na hAthbheochana, cé go raibh siad sách coitianta i bhfad ó shin, i ré na Sean-Ghaeilge. Tá neart acu ann anois, ar ndóigh (.i. féinrialtas, aerchoscán), ach feictear dom go bhfuil blaisín den tsaorgacht orthu fós.

    ReplyDelete
  4. Is iomaí coincheap nach bhfuil ag teastáil ach focal amháin chuige sa Ghearmáinis! An ceann seo san áireamh: http://en.wikipedia.org/wiki/Donaudampfschiffahrtsgesellschaft

    ReplyDelete
  5. Tá Sanscrait Chlasaiceach níos fearr fós (nó níos measa?) ná an Ghearmáinis. Is féidir abairt iomlán a chur i gcomhfhocal fada amháin sa teanga sin.

    ReplyDelete
  6. Na focail Ghaeilge is túisce a thagann i mo cheann, cé nach aistriúchán beacht ar "wishful thinking" iad, ná "caisleáin óir".

    ReplyDelete
  7. @ An Cainteoir Dóchais

    Nó 'Muckanaghederdauhaulia' mar leagan Béarla ar Muiceanach Idir Dhá Sháile..:-)

    @ saorgacht

    Is dócha go mbeadh saorgacht de shaghas ag baint le gach rud nua, a Dennis, go mbaintear úsáid rialta as, b'fhéidir.

    Is maith liom 'caisleáin óir', ach is maith liom focla nua a chumadh, freisin, abair 'fonnshamhlú', mar shampla, cé nach miste liom nathanna mar 'ag brionglóidí' ach an oiread..:-)

    ReplyDelete
  8. Céard faoi “tírnanógachas”? ... idir shúgradh agus dháiríre.
    ;-)

    ReplyDelete
  9. Is maith liom "tírnanógachas"! Nó céard faoi "bamhaithliomórachas"? Tá "bamhaithliomóir" ann cheana mar ainmfhocal. Nó céard faoi "ar nós ba mhaith liom", den mhúnla céanna agus "ar nós cuma liom"?

    Seo nua-chumadóireacht, dar ndóigh, ach tá na "caisleáin óir" ann le fada agus is meafar deas é. Freagraíonn sé go maith do nath eile atá sa Ghearmáinis agus sa tSeicis (agus i dteangacha eile b'fhéidir), "Luftschloss" (caisleán aeir).

    ReplyDelete
  10. Ní oireann sé go beacht do ‘wishful thinking’ ach teideal a bhí ar leabhar le cara liom, Mícheál Mac Liammóir, tá sé ag déanamh macalla im intinn; Ceo meala Lá seaca.

    ReplyDelete
  11. Bhí aithne ort ar Mhícheál Mac Liammóir? Bhabh!
    :-)

    ReplyDelete
  12. @ Is maith liom "tírnanógachas"!

    Mise freisin!

    ReplyDelete
  13. Bhí aithne agam air. Bhí col ceathrar liom a raibh an-bhaint aici leis an amharclannaíocht agus aithne mhaith aici ar an mbeirt (H&M) agus bhí an-mheas ag m’athair ar obair Hilton agus Mícheál agus ar scríbhneoireacht Mhichíl ach go háirithe agus ba mhinic an bheirt againn ag freastal ar an Gate, tráth ar ghnáth dúinn bualadh le Mícheál. Ina theannta sin bhí an-aithne ag mo sheanathair, Holy Joe O’Connor, ar Mhícheál agus Hilton, ach ní mar gheall ar an Gate, ach de bharr nach raibh siad ag íoc a mbillí leictreachais. Ag an am sin bhí sé de nós ag an BSL gan seirbhís leictreachais a bhac ar ‘dhaoine speisialta’ de bharr nach raibh siad ag íoc, agus ar na dualgais a bhí ag Joe O’Connor bhí bualadh isteach ar theach na beirte chun iad a ghríosú chun ‘cúpla punt’ a íoc. Ní minic a d’éirigh leis san iarracht sin ach i gcónaí ligeadh Mícheál gáir as ag impí ar Hilton pota tae a ullmhú ‘don duine uasal seo atá ar chuairt chugainn’ agus siúd is go raibh suim agam san aisteoireacht ag an am, théinn lem’ sheanathair ar uaire d’fhonn bualadh le Mícheál. Bhí Gaeilge mo dhaideo mantach go leor agus ba idir mé féin agus Mícheál a tharla an chuid is mó den chomhrá agus uair nó dhó mheall mé an cúpla punt as.

    ReplyDelete
  14. 'Ag an am sin bhí sé de nós ag an BSL gan seirbhís leictreachais a bhac ar ‘dhaoine speisialta’ de bharr nach raibh siad ag íoc,'

    Sampla den 'ould decency, respect and dispensation' facthas go rialta ag na SeanDubs.

    ReplyDelete
  15. An é an chaoi go raibh siad chomh bocht sin?? Nó bhí a fhios acu go raibh siad speisialta, sin an méid?
    ;-)

    ReplyDelete
  16. Leagan atá feicthe agam i roinnt aiteanna ná 'Níl ann ach súil Uí Dubhdha le caisleán Uí Riain' sé sin nó an rud nach dtarlódh a choíche. An deas libh é?

    ReplyDelete
  17. Is maith liom go mór é! Meas tú an bhfuil scéal stairiúil taobh thiar de na sloinnte seo?

    ReplyDelete
  18. Fuair mé amach ó Ghoogle go bhfuil leabhar, nó leabhrán, ann:

    Súil Uí Dhubhda le hArd na Ríogh, 1906, le Seán Ó Ruairí

    ReplyDelete
  19. Seans gur Caisleán Uí Néill a bhí ann...

    ReplyDelete
  20. (Faoi M&H) Dodhéanta d’éinne a bhí bainteach leis an amharclann ag an am gan a bheith ar an ngannchuid. Bhí tacú áirithe airgid á fháil ar feadh tamaill ó Lord Longford, agus ina dhiaidh sin ón gComhairle Ealaíon, ach i gcónaí bhí caiteachas na beirte gan a bheith i gcomhchoibhneas leis an ioncam, agus déanta na fírinne, ba chuma leo. Bhí fiacha orthu ins chuile áit agus is cuimhin liom agus mé im mhac léinn ‘an hata ag gabháil timpeall’ chun aothú éigin leo a sheachaint.

    ReplyDelete
  21. Is breá liom an seanchas go leor seo, idir na Dúdaigh agus M&H.
    :-)

    aothú

    Sin focal le hiniúchadh agam!

    ReplyDelete
  22. aothú = crisis

    ReplyDelete
  23. Tuigim, a bhuí le FGB, ach is é an scéal taobh thiar de, an tsanasaíocht, atá uaim.

    ReplyDelete
  24. Ba d’aonghnó a bhain mé úsáid as an bhfocal sin, áit a bhféadfainn ‘deacracht’ nó ‘géarchéim’ a úsáid. Agus mé ag déanamh mo mharana ar cheist fiacha na beirte, rith liom comhrá idir m’athair agus an col ceathrar liom a luaigh mé ó chianaibh. Bhíodar beirt ag plé dráma éigin de chuid M&H agus arsa m’athair “One cannot use plain descriptives about those two. Only the superlative will do. Either ‘superb’ or ‘dreadful’. Agus b’ansin a chinn mé ar fhocal as an ngnáth a chur isteach.

    ReplyDelete
  25. Tá cuid mhaith faighte amach agam faoi “aothú”, a bhuí le DIL. Is cosúil nach ionann é agus “géirchéim”. Pointe casta i ngalar is ea é go beacht. Tá mé chun blagmhír dá chuid féin a thabhairt dó. Tá an snáithe seo tar éis éirí an-fhada!

    ReplyDelete