22 Feabhra 2012

“immer ein Narr”


“Wo drei sind, muss immer ein Narr unter ihnen seyn.”

Sprüchwörterbuch (1830) le Georg von Graal

Nuair a bhíonn triúr ann, bíonn duine acu ina amadán.

liotagraf le Marcel Marceau

Is cosúil go raibh an seanfhocal seo ag na Gearmánaigh i bhfad roimh Herr von Graal, áfach. D'fhoilsigh Heinrich Bebel leagan de i Laidin in Proverbia Germanica sa bhliain 1508. Féach an chéad líne thíos, i mbuí:

Dá mbeadh triúr ina gcompanaigh, chreidfeadh beirt acu go bhfuil an duine eile ina amadán.


Níl a fhios agam an bhfuil seanfhocal mar seo le fáil i dteanga ar bith eile. Níl a fhios agam ach oiread cé chomh fada a bhí an ceann seo ag na Gearmánaigh. Ach chuir sé scéilín an Triúr Manach i gcuimhne dom ar an toirt!

5 comments:

  1. Two's company; three's a crowd.

    ReplyDelete
  2. Agus bíonn muid ag caint faoin “odd man out”.

    ReplyDelete
  3. Aller guten Dinge sind drei!

    ReplyDelete
  4. Rinne mé cuardach ar a leithéid de sheanfhocal i 'Seanfhocla Chonnacht' (Cois Life 2010) ach níor aimsigh mé ceann ar bith. Is dócha nach mbíonn na Gaeil chomh mór in amhras faoina chéile is a bhíonn na Gearmánaigh!

    ReplyDelete
  5. Go raibh maith agaibh!

    Dála an scéil, is dócha nach bhfeicfidh sibh aon bhlagmhír nua anseo go ceann seachtaine nó mar sin. Tá mé as baile anois, thall ar an mBig Island i Stát Hawai'i.

    ReplyDelete