20 Feabhra 2012

Féichín Fobhair agus tummo na dTibéadach


Bhí Naomh Féichín, nó Feichín, nó Mo Ecca, beo sa seachtú haois. Bhunaigh sé mainistir in Fobhar agus fuair sé bás sa bhliain 665. Seo scéilín faoi ó “Betha Féchín Fabair” a scríobhadh síos le Nicol Óg, mac ab Chonga, sa bhliain 1328.

Ro gnaithiged Fechín dol do dénum irnaigthi isin medon oidchi isin sruth i n-Es Dara ar fad in corghais. Tet manach diar' uo h-ainm Pastól faris isin sruth, & in tan do bith don taob thís do Fechin ni fuilnged fri tes in usci, & in tan do bidh don tæb tuas ní fuilnged fri rofuacht. 'Arna tucsin do Fechín ro gair ina farrad h-é, & ro mesraig in t-usci do, gur' uo fulaing do in t-usci; & ro raid Fechín gan sin do innisin do nech, gurab iar m-bas Fechín ro innis; gur' morad ainm De & Fechín trit-sin.

Ba nós le Feichín a dhul a dhéanamh urnaí i lár na hoíche sa sruth in Eas Dara ar feadh an Charghais. Téann manach darbh ainm Pastól farais insan sruth. Nuair a bhí sé taobh thíos d' Fheichín níor fhéad sé teas an uisce a fhulaingt, agus nuair a bhí sé taobh thuas níor fhéad sé an fuacht a fhulaingt. Tar éis d' Fheichín é seo a thuiscint, ghair sé chuige é agus mheasc sé an t-usice dó le gur fhéad sé an t-uisce a fhulaingt. Agus dúirt Feichín leis gan é seo a insint do dhuine ar bith. D'inis an manach an scéal tar éis d' Fheichín bás a fháil agus móradh ainm Dé agus ainm Fheichín tríd sin.

Más fíor don scéal seo, bhí Feichín in ann an t-uisce a théamh le teas a choirp. Cé gur dócha go ndearna an manach a d'inis an scéal, nó na daoine a tháinig ina dhiaidh, go ndearna siad áibhéil sa chúntas, is dócha nach finscéalaíocht ar fad é. Tá daoine ann inniu ar féidir leo teas a gcorp a ardú agus an-fhuacht a fhulaingt ar feadh uaireanta a chloig. Is manaigh Bhúdaíocha an chuid is mó acu. An t-ainm atá acu ar an ealaíon seo ná tummo:

Tá cúpla alt faoi seo ar fáil ar an idirlíon anseo agus anseo.


Tá an chuma ar an scéal go raibh tummo ag Feichín!

3 comments:

  1. Níl sé deacair teocht do mhéara a ardú agus thú ag meabhrú go domhain ciúin suanach.
    D'fhoghlaim mé é fiche bliana ó shin ag cruinniú leighis. Tá matáin sa chuislí is féidir leat a bhogadh. Go háirithe, dá mbeadh migraine agat.
    Caithfidh a bheith teirmiméadar beag ar do mhéar. Is féidir liomsa teocht mo mhéara a ardú tuairim is cúig chéim Fahrenheit ag meabhrú go ciúin.
    Ach ní dócha go mbeadh mé in ann uisce a théamh.

    ReplyDelete
  2. Sprid agus colainn, tionchar acu ar a chéile. Is dócha go raibh na Céilí Dé sách gar do mhanaigh an Oirthear ina gcleachtais. Tháinig cuid mhaith dá gnáis ón Mean Oirthear más fíor.

    ReplyDelete
  3. Léiríonn a bhfuil ar a chumas ag idiot savant, mar shampla, cumhacht na hinchinne - agus más féidir smacht ceart a fháíl uirthi, bheadh a leithéid de rud thuas indéanta gan dabht.

    ReplyDelete