16 Feabhra 2012

eagna, coairt, eiseart


Dan ecnaig dogni righ do pauper

LNÉ: LS G10, lch 46

(Maith) dan ecnaig:
dogni righ do pauper,
dogni coairt di eissirt,
dogni gaoth do baoth.

(Is maith an) dán eagna:
déanann sé rí de bhochtán,
déanann sé coairt d'eiseart,
déanann sé duine gaoiseach de bhaothán.

Tá trí fhocal anseo a bhfuil míniú ag teastáil uathu: eagna, coairt, agus eiseart.

“Gaois” nó “tuiscint” an chiall atá le “eagna” go hiondúil. Ach ciallaíonn sé an tóir ar thuiscint freisin. Is ionann, mar sin, “maith an dán eagna” agus “is maith beatha an eolaí nó beatha an scoláire.”

Níl an dá fhocal eile beo fós sa Ghaeilge. Is ionann “coairt” nó “coart” agus duine a bhfuil fearann aige, agus is ionann “eiseart” agus fánaí, duine nach bhfuil fearann aige.

Is suimiúil an rud é go bhfuil an dá fhocal seo le fáil in Sanas Cormaic (ca. 900 A.D.), an foclóir is ársa dá bhfuil againn:

251. Coairt .i. cóir a fert do c[h]ur.

545. Esirt .i. ní cóir fert dó.

I bhfocail eile, ba chóir feart (= grave mound) a thógáil os cionn feirmeora, agus gan é sin a dhéanamh más fánaí atá ann.

Le bheith beacht, séard atá Cormac a rá ná go dtáinig “coairt” ó “comh- + feart”, agus go dtáinig “eiseart” ó “feart” leis an réimír dhiúltach “es-” roimhe. (Tá an réimír seo le feiceáil in "easonóir” agus “easumhal” freisin.)

Mar sin, is ionann “coairt” agus “le feart”, agus is ionann “eiseart” agus “gan feart”. Ach tá míniú eile ag teastáil ag an bpointe seo. Is cosúil go raibh ciall eile ag feart ar dtús, ciall nach raibh ar eolas ag Cormac, mar atá “fearann”. Mar sin, tá fearann ag an duine atá comhfheart, agus níl fearann ag an duine atá easfheart.

2 comments:

  1. Beidh ort Sanas Dhonncha a chuir le chéile as na nótaí uilig seo.

    ReplyDelete
  2. Nach méanar dúinne beirt, óir tá idir fhearann agus fheart againn agus cé go nguím gur fada uainn an feart, tá muid ag tnúth go mífhoighneach le tabhairt faoin bhfearann.

    ReplyDelete