04 Feabhra 2012

méid an mhála


Nuair a bhíonn an saol gann ar dhuine i gcónaí, nuair nach féidir leis “cuid a chur le costas” nó make ends meet, deirtear gur “mó a mhála ná a sholáthar”.


Is féidir gur mó an mála ná an soláthar sa ghrianghraf seo freisin. Is féidir freisin go bhfuil fadhb bhunúsach eile aici. Uaireanta ní leathlán ná leathfholamh atá an gloine, ach rómhór, ar nós an phláta supersize sa lá atá inniu ann.

4 comments:

  1. i mála ró-mhór
    tugaim ionchas an tsaoil liom
    - mar cheiliúr túis lae

    ReplyDelete
  2. mar cheiliúr túis lae

    “Túis an lae? The incense of the day?” a dúirt mé liom féin ar dtús.
    :-)

    Maidir le “ionchas”, beidh orm anois an scéal taobh thiar de a chíoradh.

    ReplyDelete
  3. Dála an scéil, fuair mé an grianghraf seo ó Ghoogle, nuair a chuir mé “big bag” isteach mar chuardach. Bhí ionadh agus áthas orm nuair a d'aithin mé an coirnéal sráide seo! Is anseo in Seattle atá sé, i gcomharsanacht a thaithím. Ceannaím mo chuid tae ón Teahouse Kwan Yin sa chéad bhloc eile.

    ReplyDelete
  4. awwww! Deniis! agus sin muid ag déanamh go bhfuil tú ag taisteal na cruinne ag cuartú gloiní leathfholamha agus málaí leath-lána!

    ReplyDelete