13 Feabhra 2012

vailintín bunoscionn



D'fhoilsigh an tUrramach William Neilson An Introduction to the Irish Language in Three Parts sa bhliain 1808. Tá sé phláta ag deireadh an leabhair a thugann dúinn timpeall is 250 sampla d'fhocail éagsúla a scríobhtar le giorrúcháin, nó manuscript contractions. Tá trí cinn díobh seo, ó phláta II, le feiceáil thuas. An dara ceann is spéis liom inniu, ar ndóigh, ós inniu Lá San Vailintín. (Le fírinne, an lá roimhe, 13 Feabhra, atá ann fós anseo in Seattle anois, ach bíonn muid chun deiridh i gcónaí.)

Is léir gur comhartha an chroí (croidhe) ♥ atá againn anseo, ach tá sé bunoscionn. Tá dhá cheist agam.

1. Cén fáth an bhfuil sé bunoscionn?

2. Cá bhfuil an comhartha seo le feiceáil i leabharscríbhinn, i leabhar clóite ... nó greanta i gcloch?

7 comments:

  1. An-suimiuil! An bhfuil se an litir 'c' agus rud eigin eile? (Agus beannachtai an lae duit.)

    ReplyDelete
  2. Ní dóigh liom gur “Ŵ” ná “c+ rud éigin” atá ann.

    ReplyDelete
  3. Botún cló?

    Níl fhios agam, ach caithfidh sé go raibh foinse aige leis. An bhfuil foinsí luaite sa leabhar?

    ReplyDelete
  4. <3 an lae inniu.

    Is breá liom an sean-chló sin. Tá cuma mealltach ar an 'd' sa bhfocal croidhe chomh maith. Ar nós súile a bhfuil mascara air. Nó b'fhéidir go bhfuilim ag dul thar fóir leis an rómánsaíocht.

    ReplyDelete
  5. Botún cló?

    Ní dóigh liom é.

    An bhfuil foinsí luaite sa leabhar?

    Níl. Tá bleachtaireacht le déanamh agam.

    ReplyDelete
  6. Tá tuairim láidir thart gur tháing an cruth don 'croí' atá againne inniú ó thorthaí an planda "Silphium" agus feictear iad (bun ós cionn) ar sóinseáil na cathrach Cyrene fadó.
    http://en.wikipedia.org/wiki/Silphium (Cé gur dócha go raibh fios acú fadó ar Cyrene agus iad ag scríobh na sean-leabhar, seans gurb é seo an fáth?)...

    ReplyDelete