04 Feabhra 2012

Tionscadal na Nod


amuigh faoin

Tá meitheal bheag ag obair ar Tionscadal na Nod le cúpla mí anuas. Treoir do ghiorrúcháin na lámhscríbhinní atá ann. Cé nach bhfuil an tionscadal críochnaithe (is féidir nach mbeidh go ceann i bhfad ós bunachar sonraí neamhiata é) is dóigh linn go bhfuil sé réidh le cur ar fáil do na daoine ar suim leo na seanleabhar.

Más mian leat súil a thabhairt ar an obair, tig leat tosú anseo.

7 comments:

  1. Nod leat go bhfuil eolach litrithe mar éolach ann! Ana dheas, dearna libh as an obair.

    ReplyDelete
  2. Go bhfága Dia do radharc agat! Pé scéal é, is fearr liom leagan eile den nath seo: Is leor nod don eolach, le "eo" faoi dhó.

    ReplyDelete
  3. Sin an leagan a bhfuilim cleachtaithe leis freisin. Ach is iontach an tionscadal é. Dála san scéal, an bhfuil na noda seo á chuir le Unicode? Tá an diabhail is uile seafóid curtha leis san leagan is déanaí. Mar sin, caithfidh go bhfuil áit ann do stuif stuama mar seo a chabhróidh le eolas a bhuanú go digiteach.

    ReplyDelete
  4. Níl ach nod amháin ann anois a bhfuil áit aige in Unicode, an ampersand Gaelach ("⁊" nó "7"). Bheadh sé an-deas dá mbeadh aitheantas ag cúpla ceann eile sa chóras sin. Níl a fhios agam, áfach, an bhfuil sé sin indéanta, nó conas é a dhéanamh. An bhfuil barúil ar bith agatsa?

    ReplyDelete
  5. litrithe mar éolach

    Ceartaithe anois. Dúirt Dennis Groenewegen (stiúrthóir an tsuímh) liom cúpla nóiméad ó shin go bhfuil sé ar intinn aige alt beag faoin seanfhocal seo a chur ar an suíomh.

    ReplyDelete
  6. Chuas á lorg i ndánfhocail agus fuaireas:

    65. Dligheann daoi tiugh teagosga,
    tearc teagosg don tsaoi threórach,
    tuigeann mac léighinn leathfhocal,
    ní beag nod don eólach.

    ReplyDelete