08 Feabhra 2012

cheville



Bruit chorcorrdha agus cuirn óir,
fíon is ceol -- ní cúis dobróin --
ar faghoil, gérbh fhada dhó,
aga i n-aghoidh a andró.

Brait chorcra agus coirn óir,
fíon is ceol - ní cúis dobhróin -
ar fáil, cérbh fhada dhó,
aga* in aghaidh a anró.
* seal

Cad é an Ghaeilge ar “cheville”? Cad é an Béarla?? Cé go bhfuil cruth an-Fhrancach air, tá “cheville” in ainm a bheith ina fhocal Béarla. Ní cúis ionaidh é sin, ar ndóigh. Is nós leis an mBéarla focail a shealbhú ó theangacha eile gan bhraiteoireacht dá laghad. Bíodh sin mar atá, níl “cheville” le fáil i mo ghnáthfhoclóir. Tá an sainmhíniú seo ar fáil ar líne, áfach, ón Oxford Dictionary of Literary Terms :

cheville, the French word for a plug, applied to any word or phrase of little semantic importance which is used by a poet to make up the required number of syllables in a metrical verse line. Chaucer used chevilles with shameless frequency, often plugging his lines with ‘eek’, ‘for sothe’, ‘ywis’, ‘I gesse’, ‘I trowe’, and similar interjections.

Ní raibh Chaucer ina aonar, ná baol air. Tá spallaí le fáil go fras fairsing i bhfilíocht thraidisiúnta na Gaeilge, ó ré na Sean-Ghaeilge anuas. Tá “ní cúis dobhróin” againn thuas. Tá a lán eile mar sin sa dán céanna: “ní bréag sin”, “ní beart nár (= náireach)”, etc. etc.

7 comments:

  1. Pól Ó Muireasáin8 Feabhra 2012 ag 18:10

    A Dhonncha, tugann de Bhaldraithe 'fuarfhocal' ina fhoclóir agus tugann Ó Dónaill 'forfhocal' air sin in FGB. 'Byword' agus 'cant' an dá fhocal Béarla atá faoin cheannfhocal 'forfhocal'. An ionann é agus cheville? Pól Ó Muireasáin

    ReplyDelete
  2. Ní dóigh liom é. Ach chuir an focal seo, forfhocal, ar chuairt shuimiúil mé ó Bhíobla go Bíobla.

    Ag tosú le leagan King James (1611), tá "byword" againn in Deut. 28:37 :

    And thou shalt become an astonishment, a proverb, and a byword, among all the nations...

    I mBíobla Bhedell (1640) deirtear mar seo é :

    Agus biáidh tú ad úathbhás, agus ad sheanrádh, agus ad fhorfhocul a measc na nuile chineadh...

    Is cosúil gurbh é seo an chéad uair ar baineadh úsáid as “forfhocul” i nGaeilge.

    Sa Bhíobla Gàidhlig (1953) :

    Agus bithidh tu a'd' uamhas, a'd' shamhladh, agus a'd' leth-fhocal, am measg nan uile chinneach...

    Agus inniu i nGaeilge :

    Beidh tú i do cheap uafáis, i do sheanfhocal agus i do nath i measc na gciníocha go léir...

    ReplyDelete
  3. Is maith liom an meafar úd, gur clocha bruscair chun poll a líonadh iad na spallaí.

    Bhfuil leagan bog de Bhedell agat?

    ReplyDelete
  4. @ Aongus -

    Tá sé ar fáil ar líne.

    ReplyDelete
  5. Tá sé ar fáil saor in aisce mar ebook ó Ghoogle, agus i leaganacha amach éagsúla ón Internet Archive anseo.

    ReplyDelete
  6. Chonac bíobla Bhedell ar €300 in Cathach Books i mBÁC

    ReplyDelete