Rinne mé tagairt do mo chraiceann bán sna nótaí atá ceangailte leis an mblagmhír roimpi seo. Seo agaibh an fhianaise. I mo sheasamh roimh an Mo‘okini Heiau atá mé anseo. Teampall ón dóú haois déag (±) atá ann. Luakini a bhí ann. Ciallaíonn sé sin go ndéantaí daoine a íobairt ann. Chuir na clocha uilig Dún Aonghasa i gcuimhne dom, cé nach bhfuil an heiau seo chomh mór sin.
Frachtal, athfhilleadh agus mistéir eile.
11 hours ago
Más maith olc craiceann bán, níl bolg beorach ort ar aon nós.
ReplyDeleteGach uair a fheicim an teidil seo, sílim go bhfeicim 'craiceann ban' agus bíonn níos mó suime agam...
ReplyDeleteTá a lán de sin le feiceáil thall in Hawaii freisin! Cuid de cosúil le fine old Corinthian leather, faraor. Tá daoine ann a bhfuil andúil sa ghrian acu.
ReplyDelete