Tréde neimthigedar cruitire: golltraige, gentraige, súantraige. Trí rud a thugann stádas do chláirseoir: goltraí, geantraí, suantraí. Is tré uimhir a 122 é seo san eagrán a rinne Kuno Meyer de Trecheng Breth Féne / The Triads of Ireland. Tá suim ar leith agam i bhfocal amháin sa tré seo, “tréde” (cé go bhfuil an briathar “neimthigedar” an-suimiúil, freisin, ach sin scéal eile). Sa tSean-Ghaeilge bhíodh uimhreacha speisialta ann leis an gciall “rud amháin, dhá rud, trí rud,” suas go “deich rud”: úathad, déde, tréde, cethardae, cóicde… Tá tréanna eile ann a ríomhann na trí rud a thugann stádas don chrosán, don saor, don lia, don ghabha, don cheardaí, don fhile, agus fiú don fhear déanta c íora. Bhí an nós seo, sainchomharthaí a ainmniú ina dtréanna, an-choitianta ag an am sin. De réir a chéile fuair an focal “tréde” ciall nua mar ainmfhocal iolra: “buanna, cáilíochtaí”. Tá an chiall seo tar éis an bhunchiall, “trí rud”, a urú ar fad anois. tréith,f. (gs. & pl.~e). 1. Trait, characteristic; quality, accomplishment. ~e pearsanta, personal traits, personality.
Ní fheadar an robh anail ar bith ón Bhéarla “trait” ar an athrú sin céille? Ó thaobh “trait” deir Etymonline: Sense of "particular feature, distinguishing quality" is first recorded 1752, from meaning "line, streak, feature" (1560s), which is common to English, French, and Latin.
Ní fheadar an robh anail ar bith ón Bhéarla “trait” ar an athrú sin céille? Ó thaobh “trait” deir Etymonline: Sense of "particular feature, distinguishing quality" is first recorded 1752, from meaning "line, streak, feature" (1560s), which is common to English, French, and Latin.
ReplyDeleteSuimiúil, pé scéal é..:-)
ReplyDelete@ Caoimhín Ní dóigh liom é, cé gur furasta anois an dá fhocal a chur i dtaisce sa mhála céanna!
ReplyDeletetá na tríthí smaointe ansin...
ReplyDelete"tréathra" an t-iolra is fearr liom féin. Sílim go dtagann an "-ra" seo san iolra as na cnuasainmneachaí? Feileann cnuasainm do chiall an fhocail.
ReplyDelete@ gasúir - Sin agat é. Ó -rad na Sean-Ghaeilge a tháinig -ra in ballra, gasra, líonra, agus mar iolra simplí in laochra.
ReplyDelete