13 Bealtaine 2013

trí rud go tréith




Tréde neimthigedar cruitire: golltraige, gentraige, súantraige.

Trí rud a thugann stádas do chláirseoir: goltraí, geantraí, suantraí.

Is tré uimhir a 122 é seo san eagrán a rinne Kuno Meyer de Trecheng Breth Féne / The Triads of Ireland.

Tá suim ar leith agam i bhfocal amháin sa tré seo, “tréde” (cé go bhfuil an briathar “neimthigedar” an-suimiúil, freisin, ach sin scéal eile). Sa tSean-Ghaeilge bhíodh uimhreacha speisialta ann leis an gciall “rud amháin, dhá rud, trí rud,” suas go “deich rud”: 

úathad, déde, tréde, cethardae, cóicde…

Tá tréanna eile ann a ríomhann na trí rud a thugann stádas don chrosán, don saor, don lia, don ghabha, don cheardaí, don fhile, agus fiú don fhear déanta c íora. Bhí an nós seo, sainchomharthaí a ainmniú ina dtréanna, an-choitianta ag an am sin. De réir a chéile fuair an focal “tréde” ciall nua mar ainmfhocal iolra: “buanna, cáilíochtaí”. Tá an chiall seo tar éis an bhunchiall, “trí rud”, a urú ar fad anois.

tréith, f. (gs. & pl. ~e). 1. Trait, characteristic; quality, accomplishment. ~e pearsanta, personal traits, personality. 

6 comments:

  1. Ní fheadar an robh anail ar bith ón Bhéarla “trait” ar an athrú sin céille? Ó thaobh “trait” deir Etymonline: Sense of "particular feature, distinguishing quality" is first recorded 1752, from meaning "line, streak, feature" (1560s), which is common to English, French, and Latin.

    ReplyDelete
  2. @ Caoimhín Ní dóigh liom é, cé gur furasta anois an dá fhocal a chur i dtaisce sa mhála céanna!

    ReplyDelete
  3. "tréathra" an t-iolra is fearr liom féin. Sílim go dtagann an "-ra" seo san iolra as na cnuasainmneachaí? Feileann cnuasainm do chiall an fhocail.

    ReplyDelete
  4. @ gasúir - Sin agat é. Ó -rad na Sean-Ghaeilge a tháinig -ra in ballra, gasra, líonra, agus mar iolra simplí in laochra.

    ReplyDelete