An bhfuil do bhó tinn? Nó do lomaire faiche? Nó do ríomhaire? Seo leigheas traidisiúnta atá saor agus éasca! Ach caithfidh tú snaidhm na péiste a fhoghlaim ar dtús. Faigh píosa téide nó téadán. Cuir an téadán ar an mbord os do chomhair. Séard atá le déanamh agat ar dtús ná dhá shnaidhm sách scaoilte i ndeilbh na huimhreach 8 a dhéanamh.
Tóg ceann an téadáin i do láimh dheas agus an ceann eile i do láimh chlé. Cuir an ceann deas trasna ar an gceann clé, ansin faoi, ansin trasna air arís, le snaidhm shimplí a dhéanamh, ach ná tarraing go mbeidh sí dúnta ar fad. Beidh O agat anois, agus dhá cheann an téadáin ag gobadh amach ó bharr an O.
Déan snaidhm scaoilte eile anois, os cionn an O atá agat cheana. Tosóidh tú an uair seo leis an téadán atá ag gobadh amach ar thaobh na láimhe clé, á chur trasna ar an gceann eile, ansin faoi agus ansin trasna air arís. Beidh 8 agat anois ar an mbord os do chomhair.
Tóg an téadán atá ag gobadh amach ar an taobh deas anois. Tarraing an téadán seo síos tríd an O íochtarach agus amach faoi.
Coinnigh greim air agus cuir tríd an O uachtarach anois é. Tá an tsnaidhm déanta agat.
Anois, beir ar dhá cheann an téadáin agus tarraing. Má rinne tú an tsnaidhm i gceart, scaoilfear go héasca is go hiomlán í.
Gheobhadh mo bhó bás...
ReplyDeleteDe cheird an cleachtadh! (Cleachtadh a dhéanann máistreacht.) Níl sé deacair sin dáiríre. :-)
ReplyDeleteDe réir a chuala mise, níl achan duine ábalta snaidhm na péiste a chur ag obair. Thiocfadh le duine ar bith an tsnaidhm a fhoghlaim, ach ní raibh ach roinnt daoine sa phobal a bhí ábalta an 'leigheas' a dhéanamh.
ReplyDeleteSaghas ceardchumainn?
ReplyDelete;-)
A Dennis,
ReplyDeleteGo raibh maith agat as an eolas seo, agus as na pictiúir.
An bhfuil ionadaí lámh agat, mar atá ag Martha Stewart?
Is mise a thóg na pictiúir. Ó nach bhfuil ach dhá láimh agam níor bhfoláir dom ionadaí a fháil. Ní raibh a fhios ag Tom céard a bhí idir lámha aige, ach chóirigh mé an téadán roimh gach shot. ("Seat" atá ag focal.ie ar "shot", e.g. "seat ón aer" = "aerial shot", níl mé ró-shásta leis an litriú sin.)
ReplyDelete