25 Meán Fómhair 2009

snaidhm na péiste


An bhfuil do bhó tinn? Nó do lomaire faiche? Nó do ríomhaire? Seo leigheas traidisiúnta atá saor agus éasca! Ach caithfidh tú snaidhm na péiste a fhoghlaim ar dtús. Faigh píosa téide nó téadán. Cuir an téadán ar an mbord os do chomhair. Séard atá le déanamh agat ar dtús ná dhá shnaidhm sách scaoilte i ndeilbh na huimhreach 8 a dhéanamh.
Tóg ceann an téadáin i do láimh dheas agus an ceann eile i do láimh chlé. Cuir an ceann deas trasna ar an gceann clé, ansin faoi, ansin trasna air arís, le snaidhm shimplí a dhéanamh, ach ná tarraing go mbeidh sí dúnta ar fad. Beidh O agat anois, agus dhá cheann an téadáin ag gobadh amach ó bharr an O.


Déan snaidhm scaoilte eile anois, os cionn an O atá agat cheana. Tosóidh tú an uair seo leis an téadán atá ag gobadh amach ar thaobh na láimhe clé, á chur trasna ar an gceann eile, ansin faoi agus ansin trasna air arís. Beidh 8 agat anois ar an mbord os do chomhair.


Tóg an téadán atá ag gobadh amach ar an taobh deas anois. Tarraing an téadán seo síos tríd an O íochtarach agus amach faoi.


Coinnigh greim air agus cuir tríd an O uachtarach anois é. Tá an tsnaidhm déanta agat.


Anois, beir ar dhá cheann an téadáin agus tarraing. Má rinne tú an tsnaidhm i gceart, scaoilfear go héasca is go hiomlán í.


Ní mór duit snaidhm na péiste a dhéanamh naoi n-uaire os cionn an bheithígh chun é a leigheas.

Testimonials from satisfied customers welcome!

6 comments:

  1. De cheird an cleachtadh! (Cleachtadh a dhéanann máistreacht.) Níl sé deacair sin dáiríre. :-)

    ReplyDelete
  2. De réir a chuala mise, níl achan duine ábalta snaidhm na péiste a chur ag obair. Thiocfadh le duine ar bith an tsnaidhm a fhoghlaim, ach ní raibh ach roinnt daoine sa phobal a bhí ábalta an 'leigheas' a dhéanamh.

    ReplyDelete
  3. A Dennis,
    Go raibh maith agat as an eolas seo, agus as na pictiúir.
    An bhfuil ionadaí lámh agat, mar atá ag Martha Stewart?

    ReplyDelete
  4. Is mise a thóg na pictiúir. Ó nach bhfuil ach dhá láimh agam níor bhfoláir dom ionadaí a fháil. Ní raibh a fhios ag Tom céard a bhí idir lámha aige, ach chóirigh mé an téadán roimh gach shot. ("Seat" atá ag focal.ie ar "shot", e.g. "seat ón aer" = "aerial shot", níl mé ró-shásta leis an litriú sin.)

    ReplyDelete