Bhíos ag siúil tríd an gcarrchlós Montlake ag Ollscoil Washington ar mo bhealach chuig an IMA (an spórtlann) tráthnóna inniu nuair a chonaic go raibh teachtaireachtaí oghaim i bhfolach sna stríoca ar an lár. Níl ag teastáil uaim anois ach duine a bhfuil Photoshop aige agus scil aige ann leis na teachtaireachtaí seo a nochtadh! :-) Línte a bhaint amach nó a ghiorrú is mó a bheadh ag teastáil. Fuair mé an íomhá den charrchlós céanna ó Google Maps.
Fiannaíocht fhiúntach fhileata fhorásach
1 day ago
Déanfaidh mé iarracht ogham a chur air más mian leat, níl photoshop agam ach bogearraí saor in aisce atá fónta a dhóthain.
ReplyDeleteTogha! Bainimis triail as focal amháin ar dtús: FAILTE
ReplyDelete| ||||| ||| ||||
||| | ||||| || ||||
Tá súil agam go bhfuil an iarracht seo ar na litreacha oghaim a thaispeáint inléite.
Níl sé inléite ar chor ar bith!! Oh well.
ReplyDeleteRinneas iarracht ar aon chaoi
ReplyDelete