Thug Seán focal nua dom sna nótaí tráchta ar an mblagmhír seo agus é ag seanchas ar Mhícheál Mac Liammóir agus Hilton Edwards. “Aothú” an focal. Is féidir é a aistriú mar “crisis”, ach is cosúil nach géirchéim a chiallaíonn sé sa chiall ghinearálta, ach pointe casta i bhfiabhras nó i ngalar eile.
Tá suim agam in “aothú” anois toisc go bhfuil sé gar i ngaol le focal eile atá i bhfad níos coitianta, mar atá “faoiseamh”.
Ar dtús, áfach, caithfidh mé focal nó dhó a rá faoin litir f ag tús focal. Ó ré na Sean-Ghaeilge anuas, is nós leis an litir seo teacht agus imeacht ó aois go haois. Mar shampla, dúirt na Sean-Ghaeil “úar”, ach deir muid “fuar”. Deir Gaeil na hAlban “uinneag”, ach deir muid “fuinneog”. Tá neart focal mar seo ann.
Cúpla céad bliain ó shin, ní “aothú” ach “faothughadh” a scríobhtaí, nó “faothugud” nó "fáethugud”, iad uilig ag tosú le f . “Pointe casta i bhfiabhras nó i ngalar” an t-aon chiall amháin a bhí leis.
Bhí dhá fhocal eile ann a bhí ar aon chiall leis in úsáid freisin: “faothamh / fáetham”, nach raibh ann dáiríre ach leagan malartach de “faothughadh”; agus an focal eile a luaigh mé thuas, mar atá “faoiseamh”. Is focal ársa é.
Bhí níos mó ná ciall amháin ag “faoiseamh” le linn a staire. Tháinig sé ar an saol sa tSean-Ghaeilge - nós níos luaithe fós - mar ainm briathartha: fáesam = standing under, supporting, a bhí ceangailte leis an mbriathar fo·sisedar = stands under, acknowledges, avows, supports.
Tar éis tamaill, áfach, bhí stair agus éabhlóid dá chuid féin ag “faoiseamh”. Is ó supporting a tháinig an chiall protection chun cinn, agus ansin immunity from legal process for a period of time a bhí ann mar théarma dlí.
Mínítear an chéad chéim eile mar seo in DIL:
The use [of the word] in connexion with stay of seizure may be the origin of the later sense relief in illness, passing of the crisis.
Agus ó sense relief in illness tháinig ciall níos fairsinge chun cinn: faoiseamh ó phian, faoiseamh ó imní, faoiseamh ó obair. Nó mar a dúirt an file:
“Faoiseamh a gheobhadsa, seal beag gairid, i measc mo dhaoine, ó chrá croí, ó bhuairt aigne, ó uaigneas duairc, ó chaint ghontach...”
Denis cá bhfaigheann tú d'eolas is tú i mbun ábhair mar seo, nó cad iad na foclóirí atá in úsáid agat? Tá sé iontach suimiúil mar ábhar!
ReplyDeleteTéim go eDIL ar dtús i gcónaí. Bainim úsáid as LEIA (Lexique étymologique de l'irlandais ancien) freisin, ach níl sé ar fáil ar líne. Tá MacBain's ar fáil ar an idirlíon, ach tá sé níos mó ná céad bliain d'aois anois agus beagán as dáta.
ReplyDeleteTá sé iontach suimiúil mar ábhar!
Tá áthas orm gur bhain tú taitneamh as!
Dála an scéil, cé leis a bhfuil tú scartha, mar scoláire?
ReplyDelete@ Tá sé iontach suimiúil mar ábhar!
ReplyDeleteAontaím!
Go raibh maith agat, a Dennis, as an eolas suimiúil a roinneann tú ar an mblag seo i gcónaí..:-)