Ag bruith sa phota: neantóga, slis mhaith oinniúin, dornán min coirce, salann, im, agus uisce. Anraith neoiliteach a bheadh ann dá gcuirfí creamh ann i leaba an oinniúin. Agus anraith vegan a bheadh ann dá mbainfí úsáid as ola in áit ime.
An t-anraith tar éis é a chur tríd an gcumascóir: blasta, séasúrach, agus an-sláintiúil!
Níor ith mé riamh é, ach bainfidh mé triail as, ceann de na laethanta seo..:-)
ReplyDeleteBain an chuid uachtarach den neantóg le haghaidh an anraith. Is féidir práta nó dhó a úsáid i leaba na mine coirce, ach is fearr liom síodúlacht na mine coirce, agus tá sí níos sláintiúla freisin.
ReplyDeleteAn féidir creamh a úsáid? A lán de sa choillín in aice liom.
ReplyDeleteCé mhéid neantóg & rl atá de dhíth?
Is féidir! Bheadh anraith fíor-ársa agat mar sin, ó nach raibh oinniúin acu sa mheánaois. Ní fhásann an creamh sna bólaí seo. Níl a fhios agam cén fáth. Tá an aeráid anseo an-chosúil le haeráid na hÉireann, ach go mbíonn an samhradh anseo níos tirime de ghnáth. Thug mé iarracht ar iad a chur ag fás, ach níl éirigh liom.
ReplyDeleteCé mhéad? Tá sé deacair a rá. Caithfidh mé imeacht anois, ach beidh mé ar ais le freagra níos déanaí.
an t-oideas:
ReplyDeletepionta neantóg (duilleoga úra, nite agus beagán brúite síos)
leathchupán min choirce
slis onniúin
spúnóg im
salann
uisce
Frioch an t-oinniún gearrtha, an mhin choirce agus t-im le chéile i bpota go dtí go mbeidh an t-oinniún bog. Cuir na duilleoga, an salann agus t-uisce ann agus bruigh 15-20 nóiméad. Cuir tríd an gcumascóir é. Et voilà.
Nod leat: níl aon chuid den oideas seo greanta i gcloch!!!
Maith agat.
ReplyDeleteMeabhraigh dom - pionta SAM - ní ionann agus pionta abhus, nach ea? (An córas SI in úsáid agamsa pé scéal é!)
Agus maidir le creamh a úsáid - na duilleoga nó na bleibeanna?
Cibé pionta atá agat. Ní tomhas cruinn atá i gceist agam anseo. Ní innealtóireacht é seo. Maidir leis an gcreamh, an rud ar fad, mura bhfuil sé an-mhór.
ReplyDeleteNí innealtóireacht é seo.
ReplyDeleteTuigim. Ach is innealtóir mé, fiú sa chistin ;-)
Is cuma fá bhlas an tsú, is é méid an phláta an rud is tábhachtaí ha
ReplyDelete